Teach Solas Fhánada

Tá Teach Solais Fhánada lonnaithe sa Ghaeltacht is faide ó thuaidh in Éirinn. Tá sé á riar ag an bpobal mar fhiontar sóisialta le turais treoraithe agus lóistín i dtithe na gcoimeádaithe ar fáil ann, chomh maith le caifé/siopa féiríní. Tá áilleacht an tí solais, atá mar cheann scríbe ar Shlí an Atlantaigh Fhíáin aitheanta go forleathan, agus mar thoradh bíonn sé lárnach i bhfeachtais margaíochta domhanda, agus tagann cuairteoirí ó gach cearn den domhain. Tugann Pobal, Údarás na Gaeltachta, Fáilte Éireann agus Comhairle Contae Dhún na nGall uilig tacaíocht do Theach Solais Fhánada.

Cén chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

Tá tacaíocht luachmhar, leanúnach curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta don fhiontar sóisialta seo ón tús. Bhí an tÚdarás lárnach i dtacaíocht a chur ar fáil chun oifigeach margaíochta a fhostú chun an áit a fhógairt agus a dhíol. Tá ionadaí ag an Údarás freisin ar Bhord Theach Solais Fhánada.

Tuilleadh eolais