Drioglann Loch Measc

Tá drioglanna agus grúdlanna san fhaisean faoi láthair agus ní haon eisceacht í an Ghaeltacht, áit a bhfuil breis agus 15 dhrioglann agus grúdlann ag feidhmiú agus ag forbairt sa réigiún. Idir an jin, vodca, fuisce agus beoracha le comhábhair áitiúla, tugtar an déantúsaíocht agus an turasóireacht le chéile chun táirgí agus eispéiris a chruthú le haghaidh cuairteoirí.

Osclaíodh Drioglann Loch Measc in 2019, agus táirgtear baisceanna beaga de jin agus vodca sa mhonarcha a fhéachann amach ar Loch Measca i gContae Mhaigh Eo. Cuireann siad fáilte roimh chuairteoirí turas a dhéanamh timpeall na drioglainne, foghlaim faoin bpróiseas driogaireachta, na comhábhair a bhlaiseadh, a mhothú agus a mboladh a fháil, agus sampla dá ndeochanna a bhlaiseadh ag deireadh an turais.

Cén chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

Is leis an Údarás an foirgneamh ina bhfuil an drioglann lonnaithe, agus rinne na hoibreacha ar an bhfoirgneamh chun é a dhéanamh oiriúnach le haghaidh na driogaireachta. Tá infheistíocht agus tacaíocht mhargaíochta curtha ar fáil againn chomh maith.

Tuilleadh eolais