Coláiste na Rinne

Bunaíodh Coláiste na Rinne in 1905 agus aithníodh é go hoifigiúil in 1907 mar scoil samhraidh Ghaeilge. Bhí an Coláiste ann go neamhoifigiúil ón mbliain 1903 de thoradh éileamh mór ó chuairteoirí chun an cheantair ag cur suim sa Ghaeilge a fhoghlaim. Fuair Pádraig Ó Cadhla, timire de chuid Chonradh na Gaeilge, deontas in 1903 chun ranganna samhraidh a chur ar bun agus uaidh sin a tosaíodh ar theagasc na Gaeilge sa Rinn agus tá ag éirí leis ó shin.

As an méid uile atá ar fáil do chuairteoirí chun na Gaeltachta, is é an pointe uathúil díolacháin atá againn ná an deis an Ghaeilge a fhoghlaim agus a fheabhsú. Is earnáil í an turasóireacht teanga atá ag fás agus tá Coláiste na Rinne i nGaeltacht Phort Láirge ag cur deiseanna ar fáil do theaghlaigh teacht le chéile agus an Ghaeilge a fhoghlaim le mórán blianta anuas. Is éard atá éagsúil faoin gColáiste ná an cumas lóistín agus bia a chur ar fáil mar chuid den tairiscint. Cuireann an Coláiste foghlaim ar líne ar fáil chomh maith.

Tuilleadh eolais