Áras Scéalta an Atlantaigh

Thosaigh Áras Scéalta an Atlantaigh amach i measc pobal áitiúil a bhí ag iarraidh ceiliúradh a dhéanamh agus léirmhíniú a thabhairt ar stair agus ar chultúr an Fhóid Duibh agus leithinis Bhéal an Mhuirthead. Tá an t-ionad seo do chuairteoirí le tógáil go déanach in 2020 agus le hoscailt in 2023. D’oibrigh Údarás na Gaeltachta i ndlúthchomhar le Comharchumann Deirbhile chun coincheapa agus iarratais ar mhaoiniú a fhorbairt le haghaidh Áras Scéalta an Atlantaigh. In 2019, fuarthas €2.5 milliún ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta chun an tionscadal seo a fhorbairt. Tá an tÚdarás ag obair go gníomhach ar an tionscadal seo le gach geallsealbhóir chun taitneamhacht thumhthach, uile-aimsire do chuairteoirí a chur ar fáil sa réigiún.

Áras Scéalta an Atlantaigh