Bellaville Farm

Caiseal,
Gort an Choirce,
Co. Dhún na nGall

Bhunaigh Isabella Rowatt Feirm Bellaville ceithre bliana ó shin agus tá an fheirm lonnaithe i gcroílár Ghaeltacht Ghort an Choirce. Is gnó beag teaghlaigh é a bhíonn ag táirgeadh feoil ghabhair agus earraí eile as feoil ghabhair. Ba Burgar Gabhair an chéad táirge a lainseáil an fheirm agus bhí an-tóir air ag féilte bia le trí bliana anuas agus aitheantas bainte amach ag an táirge i measc tomhaltóirí agus daoine mór le rá sa tionscal.

Dún na nGall Bia agus Deoch