Quality Sea Veg

Ailt an Chorráin,
Co. Dhún na nGall

Bhunaigh Mánus Mac Gonagail Quality Sea Veg, atá lonnaithe in Ailt an Chorráin, Co. Dhún na nGall, sa mbliain 1986. Agus é ina ghasúr óg bhíodh sé féin agus a athair ag baint duilisc agus carraigín áit a gcuirtí ar charraigeacha é le triomú sula ndíoltaí le custaiméirí é. Blianta ina dhiaidh agus céim innealtóireachta faoina ascaill aige, bhunaigh sé an comhlacht chun na glasraí farraige is fearr a bhaint in uiscí glana amach ó chósta Dhún na nGall chun éileamh ó chustaiméirí in Éirinn agus i Sasana a shásamh.

Dún na nGall Bia agus Deoch