Scéim na bPrintíseach Údarás na Gaeltachta oscailte anois d’iarratais

26 Lúnasa, 2026

nóiméad léite

Tá babhta an tSamhraidh 2026 de scéim na bprintíseach fógartha ag Údarás na Gaeltachta, agus ag glacadh le hiarratais anois. Tá os cionn 40 scoláireacht printíseachta de luach níos mó ná €2,000 ar fáil ón eagraíocht chun tacú le daoine gur mian leo cáilíocht a bhaint amach.

Tá tuilleadh eolais faoi Scéim na bPrintíseach ar fáil: Scéim na bPrintíseach | Oiliúint | Fostaíocht & Oiliúint | Údarás na Gaeltachta.  Is féidir suim a léiriú sa scéim tríd an nasc seo: Foirm léiriú spéise do Scéim na bPrintíseach 2026

Tacaíonn an scéim scoláireachta do phrintísigh le hiarrthóirí Gaeltachta a bhfuil Gaeilge líofa acu agus cuireann sé ar a gcumas cáilíocht a bhaint amach i gceann de na ceirdeanna atá aitheanta ag SOLAS.

Tá dhá chineál printíseachta ar fáil faoin scéim:

  • Printíseachtaí Ceirde
  • Printíseachtaí Nua-aoiseacha

Tá liosta iomlán na bprintíseachtaí ar fáil ag Generation Apprenticeship

Dúirt Aisling Nic Aoidh, Oifigeach Oiliúna aus Oideachais le hÚdarás na Gaeltachta:

“Tá ganntanas ceardaithe ann faoi láthair, agus is léir go bhfuil éileamh mhór ar na scileanna seo. Táimid ag cur tacaíocht ar fáil trí Scéim na bPrintíseach chun an próiseas a éascú do dhaoine sa Ghaeltacht chun cáilíocht a bhaint amach i gceirdeanna éagsúla. Cinnteoidh sé, ní hamháin go mbeidh gairm beatha ag an té a thugann faoin gcáilíocht, ach go mbeifear ag cur le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge sa Ghaeltacht freisin.”

“B’fhiú go mór na trí bliana a chaitheas ag foghlaim mo cheirde ann, agus bhí an chomhlacht an-sásta le mo chuid oibre. Anois agus mé láncháilithe, oibrím do ghnólacht áitiúil trí lá in aghaidh na seachtaine, agus oibrím dom fhéin an dá lá eile. Mholfainn Scéim na bPrintíseach go mór. Chuir sé ar mo chumas scileanna praiticiúla a chur le m’oideachas ollscoile, agus seasfaidh sé sin dom ar feadh mo shaoil.” A dúirt Óigí Ó Sé, Siúnéir a bhain a cháilíocht amach le tacaíocht ó Scéim na bPrintíseach.

Tá an babhta seo dírithe ar iarrthóirí Gaeltachta le Gaeilge líofa agus a bhfuil an scoil fágtha acu cheanna féin.

Is é an 18 Meán Fómhair 2026 an spriocdháta d’iarratais.

Más athrú saoil, athrú ceirde nó ceird a fhoghlaim atá ag teastáil uait, tapaigh an deis le Scéim na bPrintíseach atá á reáchtáil ag an Údarás.

Tuilleadh eolais:

Réigiún na Mumhan:     s.nichurnain@udaras.ie

Réigiún an Iarthair agus na Mí: a.niloingsigh@udaras.ie

Réigiún an Tuaisceart: a.nicaoidh@udaras.ie