Scéim na bPrintíseach

Woman using a mechanical saw in a workshop

Más athrú saoil, athrú ceirde nó ceird a fhoghlaim atá ag teastáil uait, tapaigh an deis leis an Scéim Scoláireachta do Phrintísigh atá á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta.  Tá os cionn 50 scoláireacht printíseachta de luach níos mó ná €2,000 an ceann ar fáil ón eagraíocht chun tacú le daoine gur mian leo cáilíocht a bhaint amach in aon cheann de na Scéimeanna Printíseachta Caighdeánbunaithe atá aitheanta ag SOLAS.

An Tairiscint

Tá scoláireachtaí ar fáil do Printíseachtaí Ceirde agus Printíseachtaí Nua-aoiseacha agus is fiú níos mó ná €2,000 an ceann iad d’iarrthóirí a bhfuil an scoil fágtha acu le cáilíocht phrintíseachta atá aitheanta ag an gComhairle Phrintíseachta a bhaint amach. Gach eolas faoi na printíseachtaí agus na cáilíochtaí a bhaineann leo le fáil ag www.apprenticeship.ie

Printíseachtaí – Céard atá ar fáil?

Tá dhá chatagóir sa Scéim:

  1. Printíseachtaí Ceirde (i measc na gceirdeanna seo: siúinéireacht, pluiméireacht, meicníocht, gruagaireacht agus araile),
  2. Printíseachtaí Nua-aoiseacha (i measc na bprintíseachtaí seo: teicneoir saotharlainne, cleachtóir árachais, ceantálaíocht agus seirbhísí réadmhaoine agus araile).

Tá 15 earnáil éagsúil ag teacht faoin scéim agus 60 printíseacht ag baint leo sin, iad ar fad aitheanta ag SOLAS agus oscailte do phobal na Gaeltachta le líofacht i nGaeilge.

Seo a leanas na hearnálacha ina bhfuil Scoláireachtaí Printíseachta Údarás na Gaeltachta ar fáil:

  • Airgeadas
  • Bithchógais
  • Crannadóireacht
  • Díolachán
  • Earcaíocht
  • Fáilteachas agus Bia
  • Gruaig
  • Innealtóireacht
  • Leictreach
  • Lóistíocht
  • Mótar
  • Seirbhísí Réadmhaoine
  • Teicneolaíochtaí Faisnéise
  • Tógáil

Tá liosta iomlán de na 60 printíseacht atá faofa mar chuid de Scéim Scoláireachta Printíseachta Údarás na Gaeltachta 2024 le fáil anseo.

Riachtanais faoi leith maidir leis na printíseachtaí ar fad:

  • Is d’iarrthóirí Gaeltachta le Gaeilge líofa a bhfuil an scoil fágtha acu na scoláireachtaí seo.
  • Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine dífhostaithe atá ag iarraidh gairm nua a thosú.

 

 

Foirm iarratais anseo:

Scéim Scoláireachta do Phrintísigh – Earrach 2024

Léirigh Spéis Anseo