Sraith Moltaí curtha le chéile ag an tionscadal taighde MERSE le borradh a chur faoi fhiontair shóisialta

3 Iúil, 2026

nóiméad léite

Tá sraith moltaí anois curtha le chéile ag an togra taighde MERSE, tar éis trí bhliain de chomhoibriú idir chúig thír Eorpacha. Is moltaí i dtaobh polasaithe atá i gceist agus curtha i láthair ag MERSE chun athmhúnlú a dhéanamh ar an gcaoi a ndearfar beartas agus tacaíocht amach anseo d’fhiontair shóisialta i dTuaisceart na hEorpa.

Tugann fiontraíocht shóisialta réitigh phraiticiúla ar fhadhbanna shóisialta, le luach shóisialta mar bhunsprioc seachas brabús príobháideach. Samplaí dóibh seo sa Ghaeltacht ná ionad pobail nó scéimeanna fostaíochta sóisialta, tograí forbartha pobail atá Údarás na Gaeltachta ag tacú leo le leathchéad bhliain.

Cé go bhfuil tábhacht na fiontair shóisialta ag fás go mór i gceantair tuaithe, tá srian orthu ó thaobh mhaoiniú fad-téarmach, creat rialála agus tacaíocht saincheaptha, rud a tháinig go mór chun cinn le linn an togra MERSE.

“Bíonn daoine ag súil go réiteoidh fiontair sóisialta fadhbanna shóisialta, cé gur minic nach bhfuil na hacmhainní cuí ar fáil dóibh. Ní réiteach fad téarmach é seo dar ndóigh. Tá toil pholaitiúil ann, ach is minic nach bhfuil na córais deartha chun tacaíocht saincheaptha a thabhairt. Is léiriú iad na moltaí seo ar na hathruithe a dteastaíonn.” A dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail & Pleanála Teanga

Comhoibriú Trasteorann

D’eascair moltaí MERSE as taighde, idir suirbhé agus plé, le fiontraithe shóisialta agus lucht déanta beartas in Éirinn, san Fhionlainn, san Íoslainn, san Iorua agus sa tSualainn.

Rinneadh togra taighde MERSE – Cumasú Fiontair Shóisialta Tuaithe le Múnlaí Gnó – idir 2023 agus 2026 mar chuid den chlár EU Interreg NPA, arna mhaoiniú ag NPA Interreg agus na Réigiúin Jämtland Härjedalen agus Västernorrland.

‘Feictear go bhfuil go leor de na fadhbanna céanna trasna na hEorpa. Leis an gcomhoibriú seo, bhíomar in ann réitigh a aimsiú atá feiliúnach ar bhonn áitiúil.’ a dúirt Éamonn Ó hÉanaigh, Bainisteoir Forbartha Pobail in Údarás na Gaeltachta.

D’aithin taighde MERSE go bhfuil cúig réimse faoi leith ar gá athrú a dhéanamh.

  1. Aitheantas polaitiúil
  2. Maoiniú fad-téarmach
  3. Soláthar poiblí mar ábhar straitéiseach
  4. Tacaíocht saincheaptha
  5. Go gcaitear le fiontar shóisialta mar pháirtithe straitéiseacha i bhforbairt pobail agus forbairt réigiúnach

Léiríonn taighde MERSE gur acmhainn suntasach, ach acmhainn nach baintear dóthain úsáide as, é fiontair shóisialta i dtaobh forbairt tuaithe.

“Tá ról lárnach ag fiontair shóisialta i bhfostaíocht agus soláthar seirbhísí don phobal. Leis na tacaíochtaí agus acmhainní ceart, beidh ról níos láidre acu san fhorbairt tuaithe amach anseo.” a dúirt Fionnán Ó hÓgáin, Bainisteoir Tograí Eorpacha Údarás na Gaeltachta.

Tá sé mar aidhm ag na moltaí ceapadh beartais a chur ar an eolas ar bhonn náisiúnta, réigiúnach agus áitiúla.

Cur i bhfeidhm na moltaí

Is é cur i bhfeidhm na moltaí an chéad chéim eile. Tá cúlú daonra, easpa oibrithe agus rochtain laghdaithe ar sheirbhísí mar chuid de na fadhbanna is mó roimh ceantair tuaithe. Tugann an taighde seo léargas ar na bealaí gur féidir fiontar shóisialta a úsáid mar chuid lárnach de straitéisí forbartha fad-téarmach amach anseo, sa chás go bhfuil na coinníollacha cuí i dtaobh polasaí i bhfeidhm.