1,000 duine fostaithe ag Údarás na Gaeltachta chun tacú le tograí pobal ar fud fad na Gaeltachta

Foireann díograiseach ag forbairt agus ag feabhsú áiseanna pobail, spóirt, tírdhreacha agus ag caomhnú láithreáin oidhreachta go ciúin ach go héifeachtach

21 Bealtaine, 2026

nóiméad léite

Saoistí ar scéimeanna fostaíochta sóisialta ag Ard-Oifig Údarás na Gaeltachta

Bhailigh Saoistí ó scéimeanna fostaíochta sóisialta an Iarthair le chéile in Ard-Oifig Údarás na Gaeltachta inné chun plé a dhéanamh ar obair iontach atá déanta ag na Scéimeanna san Iarthar le bliain anuas agus féachaint chun tosaigh ar féidearthachtaí don todhchaí.

Ar bhonn náisiúnta, tá beagnach 1,000 duine fostaithe ag Údarás na Gaeltachta ar Scéimeanna Fostaíochta Sóisialta, le níos mó ná 600 fostaithe mar rannpháirtithe agus saoistí san Iarthar.

Faoi láthair, tá 28 saoiste ag feidhmiú thar ceann na scéimeanna éagsúla ina bhfuil beagnach 600 rannpháirtithe san Iarthar agus iad lonnaithe ar fud na Gaeltachta.

Déanann na saoistí maoirsiú ar an obair atá ar siúl ag na rannpháirtithe na scéimeanna i gcomhpháirtíocht leis na heagrais agus coistí lena mbíonn siad ag obair.

Bíonn ról mór ag na scéimeanna i gcothabháil agus forbairt bealaigh siúlóide ar fud na Gaeltachta. I measc cuid de na tograí le déanaí tá Siúlóidí i gCeantar na nOileán, Seanadh Mhacha, Siúlóidí Dún Chaocháin, Siúlóid Ceann Iorrais, mar aon le cothabháil ar an mBealach Glas i Maigh Eo agus tacú le clubanna CLG Gaeltachta ar fud na tíre.

I measc na scéimeanna atá á reáchtáil tá an Scéim TÚS, an Scéim Fostaíochta Pobail agus an Scéim Sóisialta Tuaithe atá á maoiniú ag an Roinn Coimirce Shóisialaí agus á bhainistiú sa Ghaeltacht ag Údarás na Gaeltachta.

‘Tá obair na scéimeanna fite fuaite i saol pobal na Gaeltachta - ag obair ar na páirceanna peile, sna siopaí carthanachta, reiligí, riarachán oifige agus cúram sóisialta ar nós cúram don aosach agus béilí ar rothaí,’ a dúirt Kevin Ó hEadhra, Feidhmeannach Scéimeanna Fostaíochta Réigiúin Chonnacht/Laighean in Údarás na Gaeltachta. ‘Bíonn baint mhór acu le forbairt agus cothabháil siúlóidí agus ag tabhairt cúnamh do na coistí bailte slachtmhara. Chomh maith leis seo, cuireann na scéimeanna deiseanna oiliúna agus traenála ar fáil do phobal na Gaeltachta’.

Rinne saoistí cur i láthair ar an obair atá ar bun acu go laethúil i gCeantair Ghaeltachta Iarthair na tíre. Ina measc, bhí cur i láthair ag roinnt de na saoistí ar an obair atá ar bun acu i gcomhair le coistí áitiúla i dtreo na bithéagsúlachta a fheabhsú.

Dúirt Seán Ó Coisdealbha, Ceannasaí Réigiúin an Iarthair in Údarás na Gaeltachta:

‘Is iontach an rud é go bhfuil na saoistí anseo linn agus an deis acu an obair luachmhar atá ar bun acu a phlé. Tá ról thar a bheith tábhachtach ag na scéimeanna fostaíochta maidir le forbairt agus feabhsú áiseanna pobail, spóirt, tírdhreacha agus caomhnú láithreáin oidhreachta agus tionchar láidir sóisialta acu ina gceantar feidhme.’

Tá na Scéimeanna Fostaíochta Sóisialta fréamhaithe sa phobal agus le breis agus €18 milliúin caite orthu san Iarthar in 2024, is léiriú suntasach iad rannpháirtithe na scéimeanna agus an obair ar bun acu ar thiomantas Údarás na Gaeltachta i dtreo pobal na Gaeltachta.

An bhfuil spéis agat tacú le do cheantar?

Faoi láthair tá spásanna ar fáil ar scéimeanna an Údaráis dóibh siúd atá i dteideal ar íocaíocht coimirce shóisialaí. Más spéis leat páirt a ghlacadh ar cheann de na scéimeanna, is féidir dul i dteagmháil le hoifig Údarás na Gaeltachta i do réigiún trí ghlaoch ar 091 -503100 nó ríomhphost a chur go sst@udaras.ie le haghaidh tuilleadh eolais.