Scéim na mBainisteoirí faoi Oiliúint
Tá scéim phíolótach dhá bhliain ag an Údarás chun deis a thabhairt d’eagrais forbartha pobail a bhfuil deontas reáchtála a fháil acu ó Údarás na Gaeltachta tríd an gCiste Forbartha Pobail, Forbartha Teanga & Eagraíochtaí Forbartha Pobail, bainisteoir faoi oiliúint a earcú. Díreoidh an bainisteoir faoi oiliúint ar thionscadail shonracha atá mar chuid de chlár oibre na heagraíochta. Beidh gné oiliúna mar chuid den scéim phíolótach seo chomh maith.
Tríd an scéim tabharfar taithí phraiticiúil don bhainisteoir faoi oiliúint maidir le tograí a bhainistiú, a fhorbairt agus a thabhairt chun críche faoi scáth eagras forbartha pobail. Faoin scéim bheifí ag súil go bhforbródh na bainisteoirí faoi oiliúint scileanna ionas go mbeidís in ann feidhmiú mar bhainisteoir ar eagraíocht forbartha pobail lá níos faide anonn.
Spriocdáta d’iarratais: 30 Meitheamh 2025
.Scéim na gCéimithe san Earnáil Forbartha Pobail
Tríd an scéim seo tabharfar deis do líon teoranta eagrais forbartha pobail / fhiontair shóisialta Gaeltachta, céimí a earcú le tabhairt faoi thionscadal sonrach breise a chuirfidh le cumas forbartha, nuálaíochta agus iomaíochta ghnó na heagraíocht. Sa tslí seo, tabharfar deis do chéimí taithí phraiticiúil luachmhar a fháil nuair a bheidh an chéim bainte amach aici / aige. Ní mór d’aon chéimí an Ghaeilge a bheith ar a thoil aige / ar a toil aici le buntáiste a bhaint as an deis seo. Íocfar deontas suas le €48,000 ina iomláine thar thréimhse dhá bhliain ag ráta 80%.
Spriocdáta d’iarratais: 30 Meitheamh 2025
.Is é an sprioc is mó atá sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta maidir leis na luathbhlianta ná an soláthar oideachais sna luathbhlianta a láidriú. Dá réir sin, tugann an tÚdarás tacaíocht do struchtúir phobail agus do sheirbhísí cúraim leanaí cumasú agus forbairt scileanna foirne a chur chun cinn sa réimse Luathoideachais. Tríd an scéim seo tugtar cúnamh do rannpháirtithe atá mar fhostaithe sa réimse seo atá ag iarraidh cáilíocht níos airde ná mar a bhí acu cheana a bhaint amach ms.h . ag leibhéal 6 agus 7 de réir sainmhíniú an chreat náisiúnta.
Eolas breise: An Rannóg Pleanála Teanga, Údarás na Gaeltachta T: 091 503100
.Fógraíonn Údarás na Gaeltachta an Scéim Thacaíochta Oiliúna don Réimse Cultúrtha agus Pobail go bliantúil. Ealaín na Gaeltachta atá ag láimhseáil na scéime faoi scáth an Údaráis agus is iad seo a leanas samplaí de na réimsí oiliúna a bhíonn faoi chaibidil:
Tríd an scéim tá comhpháirtíocht bunaithe le háisitheoirí ghairmiúla neamhspleácha agus le háisíneachtaí forbartha náisiúnta ar nós An Roth (The Wheel), Éire Ildánach, Físealaíontóirí na hÉireann (VAI), An Gréasán Ceoil, An Chomhairle Ealaíon agus ar eagraíochtaí eile nach iad, leis an gclár a chur chun cinn.
Eolas breise:
ealain@udaras.ie
www.ealain.ie
Tríd an scéim seo cuirtear tacaíocht ar fáil d’fhiontraithe áitiúla bunaithe ar éileamh na bpobal agus na gcliaintchomhlachtaí áitiúla de reir mar a thagann riachtanais chun tosaigh. Dírítear go háirithe ar na réimsí seo a leanas:
Mar chuid den gcur chuige seo eagraítear babhtaí comhairleoireachta agus meantóireachta bunaithe ar na riachtanais a bhaineann le gnóthaí nua a fhorbairt mar aon le gnóthaí agus comhlachtaí sean-bhunaithe.
I measc na gnéithe a chlúdaítear d’fhéadfadh go n-áireofaí Plean Gnó a réiteach, Straitéis Margaíochta a fheidhmiú, Cuntasaíocht, Forbairt táirgí nua & r.l.
Eolas breise: Feidhmeannach Forbartha in Oifigí an Údaráis mar a leanas:
Réigiún an Tuaiscirt: 074-9560100
Réigiún an Iarthair: Gaillimh 091-503100
Maigh Eo: 097-81418
Réigiún na Mumhan: 066-9150100
Ó tharla go bhfuil an próiseas pleanála teanga faoi lán seoil anois, tá níos mó cúrsaí agus ceardlanna oiliúna á eagrú dírithe ar bhainistiú agus ar fheidhmiú na bpleananna teanga, na cláir oibre a bhainfidh leo agus na buiséid agus cláir chaiteachais.
Bíonn na cúrsaí seo dírithe ar na hOifigigh Pleanála Teanga agus na hOifigigh Cúnta atá fostaithe cheana féin agus a bheidh le fostú sna LPTanna, ar ionadaithe na gCoistí Stiúrtha Pleanála Teanga, ar ionadaithe na gceanneagraíochtaí agus ar ionadaithe ó na heagraíochtaí Gaeilge eile atá páirteach sa phróiseas.
Eolas breise: An Rannóg Pleanála Teanga, Údarás na Gaeltachta T: 091 503100
.