Deiseanna don phobal agus d’eagraíochtaí forbartha

 Fíbín in Indreabhán

Scéim Thacaíochta Oiliúna don Réimse Luathoideachais

Is é an sprioc is mó atá sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta maidir leis na luathbhlianta ná an soláthar oideachais sna luathbhlianta a láidriú. Dá réir sin, tugann an tÚdarás tacaíocht do struchtúir phobail agus do sheirbhísí cúraim leanaí cumasú agus forbairt scileanna foirne a chur chun cinn sa réimse Luathoideachais.  Tríd an scéim seo tugtar cúnamh do rannpháirtithe atá mar fhostaithe sa réimse seo atá ag iarraidh cáilíocht níos airde ná mar a bhí acu cheana a bhaint amach ms.h . ag leibhéal 6 agus 7 de réir sainmhíniú an chreat náisiúnta.

Eolas breise:  An Rannóg Pleanála Teanga, Údarás na Gaeltachta T: 091 503100

Scéim Thacaíochta Oiliúna don Réimse Cultúrtha agus Pobail

Fógraíonn Údarás na Gaeltachta an Scéim Thacaíochta Oiliúna don Réimse Cultúrtha agus Pobail go bliantúil.  Ealaín na Gaeltachta atá ag láimhseáil na scéime faoi scáth an Údaráis agus is iad seo a leanas samplaí de na réimsí oiliúna a bhíonn faoi chaibidil:

  • Struchtúir agus rialachais boird,
  • Scileanna bainistíochta,
  • Dliteanas maidir le cosaint sonraí,
  • Forbairt foirne (comharbas san áireamh),
  • Dea-chleachtas le daoine óga,
  • Sláinte agus sábháilteacht,
  • Tiomsú fhoinsí mhaoinithe éagsúla, ón Eoraip agus airgead príobháideach san áireamh,
  • Margaíocht agus poiblíocht (i gcomhthéacs forbairt pobail, forbairt lucht féachana & turasóireacht chultúrtha).

Tríd an scéim tá comhpháirtíocht bunaithe le háisitheoirí ghairmiúla neamhspleácha agus le háisíneachtaí forbartha náisiúnta ar nós An Roth (The Wheel), Éire Ildánach, Físealaíontóirí na hÉireann (VAI), An Gréasán Ceoil, An Chomhairle Ealaíon agus ar eagraíochtaí eile nach iad,  leis an gclár a chur chun cinn.

Eolas breise:
ealain@udaras.ie
www.ealain.ie

Tionscnaimh Oiliúna Fhiontraíochta Áitiúla

Tríd an scéim seo cuirtear tacaíocht ar fáil d’fhiontraithe áitiúla bunaithe ar éileamh na bpobal agus na gcliaintchomhlachtaí áitiúla de reir mar a thagann riachtanais chun tosaigh.  Dírítear go háirithe ar na réimsí seo a leanas:

  • Forbairt na Fiontraíochta,
  • Forbairt na Turasóireachta,
  • Forbairt Pobail agus Forbairt Áitiúil,
  • Seirbhís Mheantóireachta i dtaca le forbairt tograí agus tionscadail forbartha.

Mar chuid den gcur chuige seo eagraítear babhtaí comhairleoireachta agus meantóireachta bunaithe ar na riachtanais a bhaineann le gnóthaí nua a fhorbairt mar aon le gnóthaí agus comhlachtaí sean-bhunaithe.

I measc na gnéithe a chlúdaítear d’fhéadfadh go n-áireofaí Plean Gnó a réiteach, Straitéis Margaíochta a fheidhmiú, Cuntasaíocht, Forbairt táirgí nua & r.l.

Eolas breise:  Feidhmeannach Forbartha in Oifigí an Údaráis mar a leanas:

Réigiún an Tuaiscirt: 074-9560100
Réigiún an Iarthair: Gaillimh 091-503100
Maigh Eo:  097-81418
Réigiún na Mumhan: 066-9150100

Deiseanna Oiliúna d’fheidhmiú an Phróisis Phleanála Teanga

Ó tharla go bhfuil an próiseas pleanála teanga faoi lán seoil anois, tá níos mó cúrsaí agus ceardlanna oiliúna a eagrú dírithe ar bhainistiú agus ar fheidhmiú na bpleananna teanga, na cláir oibre a bhainfidh leo agus na buiséid agus cláir chaiteachais.

Bíonn na cúrsaí seo dírithe ar na hOifigigh Pleanála Teanga agus na hOifigigh Cúnta atá fostaithe cheana féin agus a bheidh le fostú sna LPTanna, ar ionadaithe na gCoistí Stiúrtha Pleanála Teanga, ar ionadaithe na gceanneagraíochtaí agus ar ionadaithe ó na heagraíochtaí Gaeilge eile atá páirteach sa phróiseas.

Eolas breise:  An Rannóg Pleanála Teanga, Údarás na Gaeltachta T: 091 503100