Ceantar na nOileán i mBun Pinn!

5 Eanáir, 2022

nóiméad léite

Rannpháirtithe agus Áisitheoirí I mBun Pinn agus Oifigeach Pleanála teanga Cheantar na nOileán, Máire-Áine Uí Ailín

Seoladh cnuasach nua scríbhneoireachta ‘I mBun Pinn’ i mí na Samhna 2021. Is de thoradh ceardlann scríbhneoireachta, faoi stiúir Chiarán Uí Fhátharta agus Áine Durkin, an cnuasach seo. De bharr ghéarchéim Covid 19, is ar an gcóras Zoom a reáchtáladh na ceardlanna seo agus tá éacht bainte amach ag na scríbhneoirí.

Is iad Glór na nOileán, Oifig Pleanála Teanga Cheantar na nOileán a d’eagraigh an togra seo, le tacaíocht ó Scéim Forbartha na nEalaíon de chuid Ealaín na Gaeltachta 2020. De bharr gur ar an gcóras Zoom a bhí na ceardlanna á reáchtáil mealladh rannpháirtithe ó Ghaeltachtaí eile, agus sa gcnuasach seo tá saothar le scríbhneoirí as Conamara, Maigh Eo, Ráth Chairn agus Corcaigh. An ghné is suntasaí faoin saothar ná go bhfuil sé uilig i nGaeilge shaibhir agus bhlasta agus canúintí na nGaeltachtaí agus na limistéar éagsúil chun cinn ann. Is féidir cóip den chnuasach a cheannach ach teagmháil a dhéanamh le Glór na nOileán, pleanteangacnn@gmail.com / 087 3320022.

Ciarán Ó Fátharta, duine d’áisitheoirí na gceardlann, ag an seoladh
Áine Durkin, duine d’áisitheoirí na gceardlann, le cóip den chnuasach