Erasmus+

Teagasc nuálaíoch teangacha i dtír dhátheangach

Tá Údarás na Gaeltachta ina pháirtnéir i dtogra Eramus+ dar teideal ’Múineadh nuálaíochta teangacha i dtír dhátheangach’. Mairfidh an togra seo 3 bliana (01/09/2019 – 31/08/2022) agus é mar aidhm aige dea-chleachtais ó thaobh múineadh an dara teanga a chur chun cinn.  Mar chuid den togra beidh cuairteanna le heagrú sna 3 thír atá páirteach sa togra, is iad sin An Bhreatain Bheag, Galicia na Spáinne agus Éire.  Maireann na cuairteanna seo seachtain agus tugtar cuairt ar scoileanna, imeachtaí cultúrtha agus cur i láthair ó lucht polasaí, chomh maith le ceardlanna oibre idir na rannpháirtithe.

Tá go leor tíortha san Eoraip ina bhfuil teangacha éagsúla á labhairt ar bhonn laethúil. Tá an togra seo dírithe ar thíortha dhátheangacha – áit ina bhfuil an stádas céanna ag an dá theanga, ach go bhfuil teanga amháin ina príomh-theanga labhartha. Táimid ag súil go nglacfaidh 24 múinteoir agus saineolaithe teangacha ó thrí réigiún páirt sa togra seo (Éire, An Spáinn agus An Bhreatain Bheag). I dtús báire déanfaidh an togra seo taighde ar na modhanna teagaisc reatha i dtaca le teagasc dátheangach go háirithe i gcomhthéacs theagasc na miontheanga sular ndéanfar comhoibriú ar threoirlínte ar bhealaí chun cuir chuige comhtháite agus comhuaineach maidir le dhátheangachas a chur i gcrích. Déanfar triail ar na hábhair seo agus an éifeacht atá ar an teanga eachtrach atá á teagasc.

Eolas faoin togra ar líne – Etwinning Platform

Má chliceálann tú ar an nasc seo, feicfidh tú acmhainn ar líne ar a dtugtar an eTwinning portal. Roinnfear cainteanna, smaointí agus obair bainteach leis an togra seo anseo.

Chun clárú mar aoi ar an láithreán seo, seol ríomhphost chuig foh@udaras.ie agus déanfar an socrú sin duit.

Teagmháil: Fionnán Ó hÓgáin foh@udaras.ie