CADI SHAC

Is tionscadal de chuid an AE é ‘Capitalising on Digital Innovations for Heritage and Capacity’ (“CADI SHAC”) atá cómhaoinithe ag an gClár Forimeall Thuaidh agus Artach (“NPA”). Tá an tionscadal déanta suas de cheithre chomhpháirtí ó gach cearn den Eoraip ar nós; príomh-chomhpháirtithe Ollscoil Robert Gordon in Albain, Údarás na Gaeltachta in Éirinn, Institiúid Gunnar Gunnarsson san Íoslainn agus Ollscoil Uladh i dTuaisceart Éireann.

Leag COVID béim ar an ngá atá ann do fhiontair bheaga agus mheánmhéide FBManna i réigiún an NPA glacadh le digitiú agus an gá atá le spás uathúil ar líne a chruthú. Tá sé mar aidhm ag CADI SHAC leas a bhaint as an méid atá bainte amach cheana tríd; StoryTagging, Digi2Market, CINE & STRATUS, tionscadail AE eile a bhain úsáid as an nuálaíocht dhigiteach ar bhealaí éagsúla chun feabhas a chur ar an margadh do FBManna. Déanfaidh CADI SHAC é sin trí teagmháil a dhéanamh le FBManna agus iad a uasoiliú i réimsí ar nós; margaíocht dhigiteach, teicneolaíocht tumtha, anailísíocht sonraí agus cur chuige suite-bhunaithe.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar an láithreán gréasáin seo: https://www.interreg-npa.eu/projects/funded-projects/project/249/ nó déan teagmháil le Fionnán Ó hÓgáin ag foh@udaras.ie nó le Seán Ó Coisdealbha ag socoisdealbha@udaras.ie.