Showcase 2025

Cur síos

Is é Showcase ceann de na haontaí trádála is mó ag a mbíonn deis ag dearthóirí agus ceardaithe a gcuid táirgí traidisiúnta agus nua-aimseartha a thaispeáint, táirgí a léiríonn nuálaíocht, ardchaighdeán agus éagsúlacht do cheannaitheoirí ó gach cearn den domhan. Beidh Showcase á reáchtáil san RDS, Baile Átha Cliath ón 19-21 Eanáir 2025.

Tá Údarás na Gaeltachta ag lorg léirithe suime ó ghnólachtaí Gaeltachta a bhfuil suim acu seastán a bheith acu ag Showcase 2025. Is próiseas iomaíoch é seo. Is é an Aoine 27ú Meán Fómhair, 2024 ag 4.00i.n. an spriocdháta do léirithe suime.

 

An Tairiscint:

  • Seastáin 2×2 méadar
  • Spás mar atá leagtha amach
  • Ainmphláta
  • Spotshoilse x2
  • Fáil ar dheiseanna caidrimh phoiblí

Clúdóidh an tÚdarás costas cíosa an tseastáin ag Showcase. Tabhair faoi deara nach bhfuil costas lóistín nó cothabháil san áireamh – beidh ar iarratasóirí a gcuid socruithe féin a dhéanamh i dtaobh lóistín, cothabháil agus oiriúintí don seastán.

Cáilitheacht:

Glacfar le léirithe spéise ó ghnólachtaí atá ag feidhmiú sna trí chatagóir seo a leanas:

  • 1. Baile agus Bronntanas
  • 2. Faisean
  • 3. Seodra

Más mian leat a bheith san áireamh don tairiscint, níorbh fholáir duit:

  • Bheith ag trádáil ar a laghad 12 mí ach níos lú ná 7 mbliana.
  • Ag staid go bhféadfá do chuid táirgí a easpórtáil.
  • Bheith ar fáil le freastal ar sheisiún faisnéise ar líne sula ndéanfá freastal ar.

Is próiseas iomaíoch é seo. Caithfidh léiritheoirí suime a thaispeáint go bhfuil siad seo a leanas acu:

  • Nascanna chuig Acmhainní Margaíochta Digiteacha (meáin shóisialta, suíomh gréasáin, srl.).
  • Cumas branda na Gaeltachta agus an Ghaeilge a chur chun cinn.

Líon isteach an fhoirm léiriú spéise (cliceáil ar an nasc thíos) agus cuir ar aghaidh chuig eolas@udaras.ie roimh Aoine 27ú Meán Fómhair, 2024 más mian leat bheith san áireamh do Showcase 2025.