Tá scéim nua deontais (píolótach) á fógairt ag Údarás na Gaeltachta chun tacú leis an earnáil turasóireachta sa Ghaeltacht. Tá ciste de €350,000 ceadaithe don tréimhse phíolótach. Deontas suas go €50,000 atá ar fáil le ráta 50% nó 75% ar fáil ag brath ar an gcatagóir gnó.
Spriocdháta: is é an spriocdháta chun iarratas a dhéanamh ná 30/06/2026
Tá sonraí na scéim leagtha amach faoin na teidil seo leanas:
Is í aidhm na scéime ná tacú le forbairt straitéiseach na turasóireachta sa Ghaeltacht trí infheistíocht spriocdhírithe i dtáirgí turasóireachta ardchaighdeáin atá bunaithe ar theanga agus chultúr uathúil na Gaeltachta. Is iad na cuspóirí sonracha:
Tacóidh an chatagóir seo le forbairt eispéiris chuairteoirí ardchaighdeáin a chuireann cultúr agus teanga na Gaeltachta chun cinn. Gníomhaíochtaí Incháilithe:
Clúdaíonn an chatagóir seo infreastruchtúr agus seirbhísí a fheabhsaíonn eispéireas an chuairteora. Gníomhaíochtaí Incháilithe:
Gníomhaíochtaí Incháilithe (trí Ghaeilge chomh maith le teangacha eile):
Gníomhaíochtaí Incháilithe:
Gníomhaíochtaí Incháilithe:
Staidéir féidearthachta agus pleananna gnó
Is iad seo a leanas na costais atá incháilithe faoin scéim:
Costais Chaipitil:
Costais Forbartha:
Ní bheidh na costais seo a leanas incháilithe:
| Cineál Iarratasóra | Ráta Deontais | Uasdeontas |
| Fiontair Phríobháideacha (FBManna) | 50% | €50,000 |
| Eagraíochtaí Pobail | 75% | €50,000 |
Nóta: Glacfar leis an méid is ísle idir an ráta céatadáin agus an uasdeontas i gcónaí.
Tá An Ghaeltacht Ghlas, forbairt inbhuanaithe an gheilleagair ghlais, sna ceantair Ghaeltachta ar cheann de na príomhspriocanna a leagtar síos i bPlean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta. Tá béim ollmhór anois ar chúrsaí timpeallachta, ar athrú aeráide agus ar inbhuanaitheacht comhshaoil. Fáilteofar tograí a thagann leis na spriocanna seo.
Creideann Údarás na Gaeltachta go bhfuil an Ghaeilge ina pointe díolacháin uathúil don Ghaeltacht. Fiú mura labhraíonn nó mura dtuigeann an chuairteoir an Ghaeilge, ba chóir go mbeadh seans aige/aici Gaeilge a chloisteáil agus a bhlaiseadh. Do na milliúin Éireannach a d’fhoghlaim Gaeilge ach nach raibh deis riamh acu í a labhairt taobh amuigh den scoil, tugann turasóireacht sa Ghaeltacht deis iontach do ghnólachtaí turasóireachta an tseirbhís sin a thairiscint. Tá go leor traidisiún eile Gaeltachta gur féidir a roinnt leis an gcuairteoir, ag tabhairt eispéireas cultúrtha nua dóibh. Cibé gnó nó tionscadal atá agat, mínigh conas a bheartaíonn tú an teanga a shníomh isteach i do thionscadal.
Ba chóir do thograí cur le tírdhreach teangeolaíoch na Gaeltachta trí úsáid fheiceálach agus inchloiste na teanga.
Caithfidh tograí a fhaigheann tacaíocht faoin scéim seo a thaispeáint go bhfuil an Ghaeilge fite fuaite sa tionscnamh. Déanfar measúnú ar chur i bhfeidhm na gníomhaíochta/tionscnamh bunaithe ar an nGaeilge atá leagtha amach i d’iarratas agus éilimh deontais á bpróiseáil. D’fhéadfadh tionchar a bheith ar an íocaíocht deiridh mura n-éiríonn leis na gníomhartha beartaithe.
Beidh iarrthóirí rathúla in ann comhairle agus cabhair a lorg ó Fheidhmeannaigh Pleanála Teanga san Údarás maidir le gníomhaíochtaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa togra. Beidh ceardlanna agus seisiúin eolais ar fáil maidir le húsáid na Gaeilge le haghaidh margaíochta agus díolachán.
Ní mór léiriú san iarratas:
Ní mór d’iarratasóirí na nithe seo a leanas a chur isteach:
Déanfar iarratais a mheas bunaithe ar na critéir seo a leanas:
| Critéar | Ualú | Íosmharc |
| Úsáid agus Tionchar na Gaeilge sa togra | 25% | 15/25 |
| Tionchar ar fhostaíocht agus geilleagar áitiúil | 20% | 12/20 |
| Inmharthanacht agus inbhuanaitheacht an togra | 20% | 12/20 |
| Luach ar airgead agus réalachas buiséid | 15% | 9/15 |
| Nuálaíocht agus idirdhealú | 10% | 6/10 |
| Cumas an iarratasóra an togra a sheachadadh | 10% | 6/10 |
| Iomlán | 100% | 60/100 |
Nóta: Ní mór d’iarratais 60% ar a laghad a bhaint amach sa mheasúnú iomlán, agus na híosmharcanna a bhaint amach i ngach critéar, chun a bheith incháilithe le haghaidh maoinithe.
Is é an spriocdháta chun iarratas a dhéanamh ná 30/06/2026. Seol an fhoirm chomhlánaithe nó aon cheist chuig: turasoireacht@udaras.ie