Tá Contae Chorcaí, an contae is mó in Éirinn, lonnaithe in iardheisceart na tíre. Tá an chuid is mó de Ghaeltacht Chorcaí lonnaithe i gceantar Múscraí atá lonnaithe ó thuaidh de chathair Chorcaí. Tá Gaeltacht Oiléan Chléire lonnaithe amach ó chósta iarthar Chorcaí.
Contae fairsing agus ilghnéitheach is ea Contae Chorcaí. Ó chathair bríomhar Chorcaí go bailte margaidh cosúil le Cloich na Coillte go leithinis cúlráideach Bhéarra go bailte cois cósta mar Eochaill, tá gach saghas ceantar sa chontae seo agus gach saghas gníomhaíochta ar fáil iontu. Tá dhá cheantar ar leith i nGaeltacht Chorcaí – ceantar Mhúscraí agus Oileán Chléire. Tá ceantar Mhúscraí buailte le Contae Chiarraí in iarthar an chontae agus tá cáil ar an gceantar seo go háirithe mar gheall ar stair shaibhir na háite. Tá go leor láithreacha turasóireachta le cuairt a thabhairt orthu thart ar cheantar Bhaile Bhúirne agus i Maigh Chromtha, atá díreach in aice leis an nGaeltacht. Tá cúrsaí cultúrtha láidir sa cheantar seo chomh maith, go háirithe cúrsaí amhránaíochta. Tá Oileán Chléire suite amach ó chósta thiar theas an chontae agus tá níos lú ná 200 duine ina gcónaí air. Fágann sé seo gur áit shíochánta agus álainn í agus tá an-tóir ar an oileán de bharr seo agus de bharr na siúlóidí agus na ngníomhaíochtaí eachtraíochta eile atá ar fail air.
Tá bonn láidir geilleagrach ag Corcaigh le hinfheistíocht mhór dhíreach in earnálacha dinimiciúla ar nós teicneolaíocht faisnéise, cumarsáid agus cógaisíocht. Tá áiseanna suntasacha gnó i nGaeltacht Mhúscraí idir spásanna déantúsaíochta agus spásanna níos lú, agus tá cathair Chorcaí agus a chuid áiseanna agus seirbhísí níos lú ná uair a chloig ón gceantar chomh maith. Téann an príomhbhóthar ó Chorcaigh go Cill Áirne agus Trá Lí trí cheantar Mhúscraí agus ciallaíonn seo go bhfuil rochtain an-mhaith ar an gceantar ó áiteanna eile agus a mhalairt. Tá infheistíocht leanúnach déanta ag an Údarás sa cheantar seo agus mar thoradh ar an obair seo, tá sé i gceist lárionad forbartha réigiúnaigh a fhorbairt ar láthair Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne. Beidh tacaíochtaí gnó, teicneolaíochta, fiontraíochta agus oiliúna ar fáil ar an láthair seo nuair a bheidh sé críochnaithe agus is léiriú é an tionscnamh seo ar na deiseanna atá ar fáil i nGaeltachtaí na hÉireann. Tá forbairt á déanamh ar chúrsaí gnó ar Oileán Chléire chomh maith agus tá sé beartaithe gteic a oscailt ar an oileán.
Tá daonra chontae Chorcaí ag fás go leanúnach agus tá gach ní ar fáil do mhuintir na háite. Tá go leor de Ghaeltacht Chorcaí faoin tuath, agus tá Oileán Chléire scoite amach ar ndóigh, ach tá gach áis nua-aimseartha ar fáil sa cheantar chomh maith mar aon le rochtain ar an dara chathair is mó sa tír.
Ceanglaíonn gréasán bóithre chathair Chorcaí le cathracha eile agus le pointí rochtain mhóra eile. I measc bóithre an cheantair tá:
Tá seirbhísí bus rialta ag feidhmiú i gceantar Mhúscraí agus seirbhís traenach náisiúnta sa chontae chomh maith. Tá seirbhís farantóireachta laethúil ó Oileán Chléire go dtí an mórthír agus a mhalairt.
Tá gach ní a bheadh á lorg ó thaobh caitheamh aimsire ar tairiscint i gContae Chorcaí idir ghalf, eachaíocht, shiúlóidí, iascaireacht slaite, iascaireacht, spórt uisce, na healaíona, cheardaíocht agus rothaíocht. Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig:
Údarás na Gaeltachta,
Páirc Ghnó Bhaile Mhic Íre,
Baile Mhic Íre,
Maigh Chromtha,
Co. Chorcaí
Firebird Heating Solutions Ltd.,
Ionad Tionsclaíochta an Údaráis,
Baile Mhic Íre,
Co. Chorcaí,
P12 HK51,
Éire.
Oileán Chléire,
Corcaigh
Gteic@Béal Átha an Ghaorthaidh
Páirc Ghnó Bhéal Átha an Ghaorthaidh
Maighchromtha
Co. Chorcaí
P12PX22
Cill na Martra,
Co. Chorcaí
Head Office Location
Drom an Ailigh,
Béal Átha an Ghaorthaidh,
Maigh Chromtha,
Éire
Eircode P12XH70
Baile Mhic Íre,
Co. Chorcaí
Cluain Clod,
Cill na Martra,
Maigh Chromtha,
Co. Chorcaí
P12 EV90
Eastát Gnó Bhaile Bhuirne,
Baile Bhuirne,
Co. Chorcaí,
P12 TX62.
Maigh Chromtha,
Co. Chorcaí
Cúil Aodha,
Co. Chorcaí
Adhmaid Cill na Martra Teo.
Cill na Martra, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí.
Cnocán na mBáirneach,
Cléire,
Co. Chorcaí
Cill na Martra,
Co. Chorcaí
Oileán Chléire,
An Sciobairín,
Co. Chorcaí.
P81 DX54
Aonad 15 Eastát Gnó Bhaile Bhuirne,
Baile Bhuirne,
Co. Chorcaí,
P12 H635.
Baile Mhic Íre,
Co. Chorcaí,
P12 E277.
Eastát Tionsclaíochta an Údaráis,
Baile Bhuirne,
Maigh Chromtha,
Corcaigh
Éire,
P12 R593
Aonad 4,
Eastát Gnó Bhaile Bhuirne,
Baile Bhuirne,
Co. Chorcaí
Béal Átha an Ghaorthaidh,
Co. Chorcaí,
P12 T271.