Drioglann Chléire Teoranta

Cnocán na mBáirneach,
Cléire,
Co. Chorcaí

Bhog Séamus Ó Drisceoil go Cléire agus é ina fhear óg, ag iarraidh tograí áitiúil a chur chun cinn agus a chur i gcrích go rathúil. Leis an meon sin bhunaigh sé Drioglann Inis Chléire chun deiseanna fostaíochta a chur ar fáil ar an oileán.

Thosaigh an drioglann ag déanamh jin don chéad uair i Samhain 2019. Tá cáil ar a jin 3 SQ. MILES Gin (tagairt do mhórchríoch an oileáin) ar an stáitse domhanda, bhuaigh sé bonn óir ag na Bartender Spirits Awards i San Francisco, bonn airgid ag an London Spirits Competition agus bonn airgid ag an San Francisco International Spirits Competition.

Corcaigh Bia agus Deoch