Wissper TV Series

Telegael

Oibríonn Telegael le léiritheoirí, le dáileoirí agus le craoltóirí idirnáisiúnta chun ábhar beochana agus beo-aicsin a fhorbairt, a mhaoiniú agus a chomhléiriú atá dírithe ar an margadh idirnáisiúnta. Ba é Údarás na Gaeltachta, i gcomhair le RTÉ a chur síol Telegael sa bhliain 1988 agus is iomaí athrú atá tagtha ar múnla an chomhlachta ó shin. Taobh istigh de thríocha bliain d’athraigh sé ó a bheith ag soláthar seirbhísí iarléiriúcháin amháin go ceann de na comhlachtaí is mó sa tír ó thaobh léiriúcháin teilifíse agus sraitheanna anamúlachta/beochan de. Tá léiriúcháin de chuid Telegael scaipthe go dtí os cionn 140 críoch ar fud an domhain agus iad aistrithe go níos mo ná 40 teanga.

Radharc de sheit stiúideo Igam Ogam, léiriú de chuid Telegael, cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta

Cén chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

Le tacaíocht ón Údarás tá forbairtí suntasacha déanta ag an gcomhlacht ar a gceanncheathrú sa Spidéal, idir leathnúcháin fhoirgnimh agus forbairt stiúideo iarléirithe do phríomhscannáin, le teicneolaíocht cheannródaíoch ó thaobh pictiúr agus fuaim de. Ina theannta sin, méadaíodh na háiseanna dearadh, grafaicí, ceartú datha agus maisíochta sa rannóg anamúlachta/beochana. Mar thoradh ar na forbairtí seo tá Telegael in ann dul ar thóir gnó sa mhargadh idirnáisiúnta d’iarléirithe príomhscannán agus scraitheanna anamúlachta/beochana.

Tuilleadh eolais

Ar sheit stiúideo an scannáin beochana íomhá ar íomhá Captain Morten & the Spider Queen, léiriú de chuid Telegael, cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta