Bunaíodh Driogairí Shliabh Liag in 2017 chun oidhreacht dhriogtha Dhún na nGall a shaothrú. Is é an chéad drioglann ceardaithe atá ag obair sa chontae le breis agus 175 bliain. Bhí sé de rún againn táirge údarach a dhéanamh, tá ár mbrandaí d’ardchaighdeán ag athchruthú na leachtanna saibhre agus fuisce deataithe a bhí in Éirinn roimh an réabhlóid thionsclaíoch. Beidh eispéireas uathúil ag cuairteoirí a thugann cuairt ar ár ionad chun féachaint ar an bpróiseas driogtha.
Chun oidhreacht a chruthú tríd ár gnó a mbeadh an pobal bródúil as thug muid eolas agus finscéalta chósta thiar na hÉireann le chéile chun Gaeltacht Dhún na nGall atá nua-aimseartha agus muiníneach a chur ar shúile an domhain mhóir.
Tugann Údarás tacaíocht agus maoiniú chun Sliabh Liag a spreagadh chun fás agus forbairt i dtreo easpórtála, a bheith ag obair leis an diaspóra, comhoibriú trasteorainn a chothú, agus chun margaí nua tráchtála a mhealladh isteach sa réigiún.