Sliabh Liag

Bunaíodh Driogairí Shliabh Liag in 2017 chun oidhreacht dhriogtha Dhún na nGall a shaothrú. Is é an chéad drioglann ceardaithe atá ag obair sa chontae le breis agus 175 bliain. Bhí sé de rún againn táirge údarach a dhéanamh, tá ár mbrandaí d’ardchaighdeán ag athchruthú na leachtanna saibhre agus fuisce deataithe a bhí in Éirinn roimh an réabhlóid thionsclaíoch.  Beidh eispéireas uathúil ag cuairteoirí a thugann cuairt ar ár ionad chun féachaint ar an bpróiseas driogtha.

Chun oidhreacht a chruthú tríd ár gnó a mbeadh an pobal bródúil as thug muid eolas agus finscéalta chósta thiar na hÉireann le chéile chun Gaeltacht Dhún na nGall atá nua-aimseartha agus muiníneach a chur ar shúile an domhain mhóir.

Image of Sliabh Liag Owners

Stil Fuisce ag Driogairí Shliabh Liag

Cén chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

Tugann Údarás tacaíocht agus maoiniú chun Sliabh Liag a spreagadh chun fás agus forbairt i dtreo easpórtála, ag obair leis an diaspóra, comhoibriú trasteorainn a chothú agus chun margaí nua tráchtála a mhealladh isteach sa réigiún.

Tuilleadh eolais

Pictiúr do Jin An Dúlamán á thomais
Pictiúr do bhuidéal An Dúlamán – Jin Mhúirí na hÉireann
Oidhreacht Dhrioglainn Dhún na nGall
Radharc do chnoic Sliabh Liag