Skelligs Chocolate Logo

Seacláidí na Sceilge

Is gnó teaghlaigh é Seacláidí na Sceilge Teo., a bunaíodh sa Ghleann, Co. Chiarraí in 1995. Thosaigh siad amach ag obair ón gcistin sa bhaile agus ansin d’oscail siad áis nua táirgeachta den scoth in 2012. Is plean oscailte atá san áis táirgeachta seacláide seo agus is ionad cuairteoirí uathúil é chomh maith atá saor in aisce. Tá Seacláidí na Sceilge lonnaithe i gceantar álainn agus molaimid bualadh isteach agus braon den seacláid te a bhlaiseadh atá déanta as seacláid ceart.

Is é fealsúnacht Seacláidí na Sceilge ná rudaí a choinneáil simplí agus a chinntiú go mbeidh eispéireas iontach ag gach duine a thugann cuairt ar Seacláidí na Sceilge.

Image of Skelligs Chocolate Factory

Sceilg Mhichíl
Sceilg Mhichíl

Cén chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

Chabhraigh Údarás na Gaeltachta le Seacláidí na Sceilge an gnó a fhás agus a fhorbairt. Tá tús curtha ag an bhforbairt atá déanta ag Seacláidí na Sceilge le traidisiún agus ceardaíocht i dtionscal an bhia sa cheantar agus i measc na ndaoine áitiúla. Le tacaíocht Údarás na Gaeltachta beidh Seacláidí na Sceilge á easpórtáil thar lear agus á dhíol i siopaí i Meiriceá agus i gCeanada go luath.

Tuilleadh eolais

Pictiúr do Seacláid na Sceillige a bheith á dhéanamh
Pictiúr do monarchan seacláid na sceillige
Seacláidí na sceillige ag breathnú amach ar Oileáin na Sceillige
Pictiúr do Na hearraí atá ar fáil sa ciseán seacláide Valentia