Orwell & Browne

Is branda oidhreachta Éireannach a bhfuil gradaim bainte amach aige é Orwell & Browne, a chruthaíonn tairgí galánta lámhdhéanta le bréidín Dhún na nGall. Bhunaigh Caitríona Nic Fhionnghaile an gnó i dtreo deireadh 2014. Tá ceird na fíodóireachta ina cuid fola agus lena grá do theicstílí agus dearadh tá réimse táirgí nua-aimseartha cruthaithe aici ag baint úsáide as ábhar traidisiúnta.

Seilf lán le leabhair a bhfuil clúdach bréidín Orwell & Browne orthu

Pictiúr do John Mc Ginley ó Cill Cháthraigh, Dún nan Gall ag fíodóireacht ó lámh ar seol sna 1970idí.
John Mc Ginley ó Cill Charthaigh ag fíodóireacht ó lámh ar sheol sna 1970idí

Cén chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

Tá ionad fiontraíochta Orwell & Browne suite i gceantar Gaeltachta iargúlta in Iardheisceart Dhún na nGall. Is le cabhair ó Údarás na Gaeltachta agus ón gCiste Idirnáisiúnta d’Éirinn a tógadh agus a cuireadh chun cinn an ionaid. Tá an tacaíocht leanúnach deontais atá á chur ar fáil don ghnó ag buanú agus ag cruthú fostaíochta sa cheantar.

Tuilleadh eolais

Pictiúr do réimshe leathan carbhat cuachóige Orwell & Browne
Pictiúr do coasta fhiáin Dhún na nGall
Pictiúr do Tírdhreach Dhún na nGall
Pictiúr do samplaí curtha ar fáil ag Orwell & Browne