Ionad na Feamainne

Níl anseo ach an chéad chéim den phlean uaillmhianach turasóireachta atá ag Comhar Chuigéal Leitir Mealláin a fhorbairt mar lár-ionad cheann scríbe don turasóir agus don chuairteoir a mbeidh sé d’ádh orthu an turas a thabhairt siar. Cuirfear eolas, oideachas, siopadóireacht, caife agus eispéireas tumthach ar fáil faoi théama na Feamainne san Ionad seo agus é á fhorbairt sa todhchaí. Beidh cuairteoirí in ann eolas a fháil ar speicis difriúla feamainne; feicfidh siad feamainn á hullmhú le haghaidh cóireálacha cosmaideacha; beidh deis acu dul ar thuras treoraithe baint feamainne ar an gcladach nó beidh siad in ann folcadán coise feamainne a thógáil; beidh siad in ann táirgí feamainne a cheannach agus sult a bhaint as míreanna ó roghchlár ar théama na feamainne sa chaife.

Is “tearmann suaimhnis” a bheidh san ionad, le atmaisféar te, ciúin, ceol bog mall, soilse éadroma agus lár phíosa drámata ealaíne a mbeidh inspioráid aige ón bhfeamainn.

Thug Príomh Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus na hOileáin, Seán Kyne, TD, cuairt ar Ionad na Feamainne i Leitir Mealláin le gairid áit ar chas sé leis an gcomhairleoir Contae Pádraic Joe Joe Mac An Iomaire, Bainisteoir Chomhar Chuigéil, Eilín Peircín, agus Riarthóir Ionad na Feamainne Pádraic Mac Diarmada.

Cén chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

Osclaíodh Ionad na Feamainne i Leitir Mealláin sa mbliain 2019, faoi choimirce Chomhar Chuigéal, le cúnamh ó B.I.M (FLAGS)agus Údarás na Gaeltachta, agus is é an t-aon Ionad Feamainne dá shórt sa tír é.

Tuilleadh eolas