
Tá cúrsa nua deartha ag Údarás na Gaeltachta agus Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan le freastal orthu siúd atá ag obair trí mheán na Gaeilge agus ag iarraidh a gcuid scileanna ríomhaireachta comhaimseartha a fhorbairt. Tógfar líofacht digiteach, feasacht maidir le cibearshlándáil agus muinín maidir le teicneolaíochtaí nuabhunaithe.
Is í sprioc an chláir ná cumasú digiteach a chur ar fáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht, chun cur le soláthar éifeachtach seirbhísí poiblí nua-aimseartha ar ardchaighdeán sa Ghaeltacht. Tacóidh an cúrsa leis na rannpháirtithe scileanna ríomhaireachta comhaimseartha a fheabhsú, Intleacht Shaorga a chomhtháthú i dtascanna riaracháin, agus muinín a thabhairt dóibh úsáid a bhaint as teicneolaíocht atá ag teacht chun cinn san ionad oibre.
Tabharfaidh an clár traenála seo léargas ar uirlisí agus sruthanna oibre praiticiúla ag baint úsáid as intleacht shaorga, dírithe ar obair riarachán agus ar an earnáil poiblí.
Dúirt George O’Mahony, ceann scoile ríomhaireachta in OTM:
“Tá an comhpháirtíocht seo idir OTM agus Údarás na Gaeltachta thar a bheith tábhachtach chun a chinntiú go bhfuil rochtain ag an bpobal agus eagraíochtaí sa Ghaeltacht ar an dteicneolaíocht is nuaí. Trí saineolas OTM i cibearshlándáil agus i gcúrsaí intleachta saorga, agus fócas réigiúnda Údarás na Gaeltachta a thabhairt le chéile, múinfidh an clár seo scileanna praticiúla do rannpháirtithe le húsáid slán a bhaint as an intleacht shaorga agus córais teicneolaíochta eile go ciallmhar, chun éifeachtúlacht agus cumas teicneolaíochta an lucht oibre a fheabhsú.”
Dúirt Pádraig Ó Catháin, Anailísí Taighde le hÚdarás na Gaeltachta:
“Is deis iontach é an cúrsa seo d’éinne sa Ghaeltacht, nó éinne atá ag obair in earnáil na Gaeilge, chun cur lena gcuid scileanna digiteacha. Tá teicneolaíocht ag forbairt agus ag fás i gcónaí agus ba mhian le hÚdarás na Gaeltachta a chinntiú go mbíonn na deiseanna céanna ag lucht labhartha na Gaeilge agus atá ag an gcuid eile den domhan chun leas a bhaint as na huirlisí seo.”
Tá an gearrchúrsa á reachtáil i gcomhpháirtíocht le Mary Uí Choileáin, bunaitheoir DeisAI agus iar-Cheannasaí Dearbhaithe Cáilíochta agus Eisiúintí Bogearraí a bhfuil beagnach fiche bliain de thaithí aici i réimse na teicneolaíochta, na n-oibríochtaí agus eispéireas custaiméirí. Cainteoir líofa Gaeilge atá lonnaithe i nGaeltacht Mhúscraí, tá sí paiseanta faoi chur chun cinn na Gaeilge sa spás digiteach.
Is é an 11 Meán Fómhair an spriocdháta le haghaidh iarratais don chúrsa saor in aisce seo. Beidh dhá teacht le chéile i bpearsan i gCampas Íosagáin ar an 18 Meán Fómhair agus an 2 Samhain, le seisiúin leathlá ar an 28 Meán Fómhar agus an 9 Deireadh Fómhar. Tá sé ar fáil do dhuine ar bith atá Gaeilge ar a dtoil acu agus atá ag iarraidh scileanna ríomhaireachta, cíbearshlándála agus intleachta saorga a feabhsú, dírithe go háirithe orthu siúd atá ag obair trí mheán na Gaeilge.
Cláraigh anois: Scileanna Cíbearshlándála agus Intleacht Shaorga don Saol Oibre Comhaimseartha – Fill in form
Déan teagmháil le p.ocathain@udaras.ie nó maryuichoileain@gmail.com le haghaidh tuilleadh eolais.