Údarás na Gaeltachta ag Tacú le Tionól Náisiúnta na hIntleachta Saorga i nGaillimh

4 Meán Fómhair, 2026

nóiméad léite

Tionól Náisiúnta Intleachta Saorga TechIreland 2026 le bheith ar siúl i nGaillimh Déardaoin, an 24 Meán Fómhair

Beidh Údarás na Gaeltachta ag tacú leis an gcéad eagrán eile den Tionól Náisiúnta Intleachta Saorga, a reáchtálfaidh TechIreland i nGaillimh Déardaoin, an 24 Meán Fómhair 2026.

Osclóidh an tAire Stáit Niamh Smyth TD, atá freagrach as Cur Chun Cinn Trádála, Intleacht Shaorga agus Claochlú Digiteach, an t-imeacht go hoifigiúil don dara bliain as a chéile, agus í ag filleadh ar Ghaillimh tar éis a cuairte anuraidh.

Beidh an tionól ina bhuaicphointe freisin do Chomórtas Náisiúnta Intleachta Saorga TechIreland 2026, a mheall beagnach 1,000 clárú as gach cearn d'Éirinn agus de Thuaisceart Éireann, méadú beagnach 100 faoin gcéad ar chomórtas na bliana seo caite.

Dúirt an tAire Niamh Smyth TD: "Tá áthas orm filleadh ar Ghaillimh chun an Tionól Náisiúnta Intleachta Saorga a oscailt don dara bliain. Bhí luas an athraithe san Intleacht Shaorga thar an dá mhí dhéag seo caite fíorshuntasach. Tá aistrithe againn ó bheith ag iniúchadh fhéidearthachtaí na hIS go dtí an dúshlán praiticiúil a bhaineann lena glacadh go freagrach inár ngnólachtaí agus inár n-eagraíochtaí."

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach, Údarás na Gaeltachta: "Léiríonn cruinniú na gceannairí tionscail seo i nGaillimh cáil an réigiúin mar ionad barr feabhais teicneolaíochta, agus táimid ag súil le feiceáil conas a bhféadfadh an Intleacht Shaorga forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe a spreagadh sa Ghaeltacht agus tacú leis an nGaeilge ag an am céanna."