Scileanna Ceannaireachta, Cumarsáide agus Caidreamh Custaiméara: Cumasú Tús, Cúrsa dírithe ar mhná ag iarraidh gnó a thosú sa Ghaeltacht

31 Lúnasa, 2026

nóiméad léite

Tá clár fiontraíochta saor in aisce, Cumasú Tús, ag glacadh le hiarratais anois ó mná i gceantair Ghaeltachta atá ag tosú amach i saol an ghnó. Tá an clár maoinithe ag Údarás na Gaeltachta agus á sheachadadh ag Moil Nuálaíochta Ollscoil Theicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) agus Ionad Rubicon in Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan (OTM).

Is cúrsa 12 seachtaine ar líne é Cumasú Tús le deiseanna meantóireachta aonarach agus líonrú i bpearsan. I measc ábhar leathan an chúrsa, pléifear ceannaireacht, caidreamh custaiméara, réiteach fadhbanna, ioncam ó dhíolachán, agus cumarsáid.

Tá sé mar aidhm ag an gclár fiontraíochta seo cur le deiseanna do bhanfhiontraithe sa Ghaeltacht agus muinín a thabhairt dóibh féidearthachtaí forbartha gnó a thapú. Tacaíonn an clár le rannpháirtithe dul i ngleic leis an bpróiseas a bhaineann le tús a chur le comhlacht agus le forbairt a dhéanamh ar a gcuid pleananna gnó.

Dúirt Susan Ní Churnáin, Oifigeach Oiliúna agus Oideachais, le hÚdarás na Gaeltachta:

“Tá an clár seo ag dul ó neart go neart le trí bliana anuas ó seoladh é i 2024. Is iontach na smaointí agus an tallann atá ag mná Gaeltachta a fheiscint ag forbairt leis an tacaíocht a chuireann Cumasú ar fáil dóibh ina ngnóthaí éagsúla. Ní hamháin go gcuireann an clár le cumas banfhiontraithe Gaeltachta gnó rathúil a fhorbairt, ach cuirtear go mór leis an geilleagar áitiúil agus náisiúnta le cuid de na táirgí agus seirbhísí á ndíol ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin.”

Dúirt Laura Martyn, Úinéir Dara Mats agus iar-rannpháirtí Cumasú:

“Ní raibh aon chúlra agam i gcúrsaí gnó roimhe seo, agus bhí sé iontach an cúnamh agus an treoir a fháil chun mo phaisean a iompú ina shlí bheatha. Thug an cúrsa deis dom aithne a chur ar mhná eile atá ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta. Cé go raibh éagsúlacht idir ár gcuid gnólachtaí, bhíomar ar fad in ann foghlaim óna chéile. Ba mhór agam freisin na saineolaithe a tháinig isteach chun labhairt linn.

Bhí an cúrsa fíorluachmhar domsa agus do mo ghnólacht nua. Is iontach an rud é freisin go bhfuil a fhios agam gur féidir liom teagmháil a dhéanamh le lucht an chláir am ar bith chun tuilleadh comhairle a fháil. Mholfainn Clár Cumasú go mór.”

 

Tá Cumasú Tús dírithe ar bhanfhiontraithe go bhfuil smaoineamh gnó acu nó atá i gnó le 18 mí agus atá ag iarraidh é a fhorbairt. Ba cheart go mbeadh na hiarratasóirí lonnaithe i gceantair Ghaeltachta Mhaigh Eo, na Gaillimhe, Dhún na nGall, Chiarraí, Chorcaí, na Mí nó Phort Láirge. Is é an spriocdháta le haghaidh iarratais ná an 4ú Meán Fómhair 2026.  Is féidir clárú ar an suíomh: Empower Cumasú – EMPOWER Her nó tuilleadh eolais a fháil trí ríomhphost a chur chuig: empower.galwaymayo@atu.ie.