
Tá dhá ról nua do chéimithe cruthaithe ag Bard na nGleann, ag trádáil mar Bárd, sa cheannáras i mBéal Átha an Ghaorthaidh, le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta tríd an clár GradStart.
Bunaithe i nGaeltacht Chorcaí i 1999, is comhairleacht idirnáisiúnta bhainistíocht eolais agus cáipéisíochta é Bárd a dhéanann eolas casta teicniúil níos soiléire agus níos éasca le n-úsáid. Tugann an fhoireann tacaíocht do chomhlachtaí móra domhanda le scríbhneoireacht teicniúil, taithí úsáideora, claochlú dhigiteach agus straitéis a fhorbairt do ré na hintleachta saorga.
Is iad na ról nua ná Comhlach Comhpháirtíochta, a bheidh ag obair trí mheán na Gaeilge chun forbairt a dhéanamh ar shaothar agus comhpháirtíochtaí Litríocht.com, atá mar chuid den chomhlacht, agus Comhlach Forbartha agus Cumasaithe, a bheidh ag tacú le pleanáil, próisis, agus seirbhísí nua, agus Bárd ag fás go hidirnáisiúnta.
"Tá na huirlísí a bhaineann le cumarsáid teicniúil ag forbairt i gcónaí, ach maireann na bunriachtanais: eolas cruinn agus soléir ina bhfuil muinín ag daoine ann. Cabhróidh na róil seo dúinn talann nua a fhorbairt, ár bhfréamhacha Gaeltachta a neartú agus seirbhísí ar chaighdeán níos airde a sholáthar d'ár gcliant ar fud na cruinne" a dúirt William Fitzgerald, Bard na nGleann
Dúirt Máirtín Breathnach, Feidhmeannach Forbartha Fiontraíochta & Nuálaíochta le hÚdarás na Gaeltachta
“Léiríonn Bárd na nGleann an nuálaíocht eisceachtúil atá ann sna réigiúin Ghaeltachta. Tá muid an-bhródúil as a bheith ag tacú le heagraíocht i gceantar Bhéal Átha an Ghaorthaidh ag a bhfuil tionchar idirnáisiúnta acu, leis an dá post nua. Neartóidh an infheistíocht seo an geilleagar áitiúil, tacóidh sé leis an nGaeilge, agus léireoidh sé gur féidir lenár gceantar Gaeltachta tallann den scoth a mhealladh agus a choinneáil”