Cead Pleanála Faighte ag Údarás na Gaeltachta d’Ionad Fiontraíochta nua i nGaeltacht na nDéise

20 Iúil, 2026

nóiméad léite

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte mhór roimh cead pleanála d'ionad fiontraíochta nua i nGaeltacht na nDéise, a fheidhmeoidh mar phointe fócais d'fhiontar, cultúr agus turasóireacht sa cheantar, le sprioc fostaíochta suas le 50 post lánaimseartha.

Cuirfidh an t-ionad 1,500 méadar cearnach seo áiseanna ar fáil a dhéanfaidh freastal ar riachtanais fiontraíochta comhlachtaí na háite mar Nemeton TV agus Na Bróga Dearga le spásanna do chomhlachtaí nua freisin. Cuirfear gteic, caife agus oifigí Chomhlucht Forbartha na nDéise ann sa lárionad chun moil pobail agus cultúrtha a chruthú sa Rinn.

Tá ról lárnach ag an bhfiontraíocht i dtodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tabharfaidh an t-ionad nua seo daoine le chéile chun borradh a chur faoi fhiontraíocht agus chultúr san áit, le spás úrnua atá in oiriúint do na comhlachtaí agus riachtanais an phobail. Trí infheistíocht mar seo a dhéanamh, léiríonn Údarás na Gaeltachta a thiomantas do thacaíocht agus acmhainní a sholáthar do phobal na Gaeltachta ar fud na tíre.

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin “Cuirimid fáilte roimh fhógra an lae inniu. Tá Gaeltacht na Rinne mar eiseamláir ó thaobh na fostaíochta de i gceantar ina bhfuil úsáid na Gaeilge ar bhonn laethúil ag fás"

"Beidh deis an obair ceannródaíoch atá ar bun ann, ar cheann na nuálaíochta go náisiúnta agus go h-idirnáisiúnta, a mheascadh le áiseanna den chéad scoth ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga oibre agus a mheallfaidh tuilleadh fostaíocht inbhuanaithe chuig Gaeltacht Phort Láirge. Táimid fíor bhuíoch do phobail na Rinne as a dtacaíocht leanúnach don dtogra seo.”

Réiteach ar Dhúshlán Fadtéarmach

"Tá gá le lárionad sa cheantar chun pointe fócais a sholáthar d’fhiontar agus do chuairteoirí agus an pobal araon." a dúirt Bainisteoir Réigiúnach an Deiscirt, Údarás na Gaeltachta Dónal Ó Liatháin.

“Tá stair fhada ag an tionscadal seo, le Comhlucht Forbartha na nDéise CTR i bpáirt leis an pobal áitiúil ag déanamh obair na gcapall thar na blianta chun an tionscadal a thabhairt chun chinn” a dúirt sé.

Fís d’Áis Chuimsitheach Ilchuspóireach

  • Spás oscailte/fáiltiú a fhéadfaí a úsáid d’ócáidí pobail agus do thaispeántais ealaíona.
  • Spásanna oifige do chuideachtaí áitiúla ar nós Na Bróga Dearga agus Nemeton TV
  • Spás oifige do Chomhlucht Forbartha na nDeise
  • Spás Gteic do thart ar fiche duine le meascán d'oifigí aonair agus deascanna roinnte.
  • Caife
  • Amharclann faoin aer

Leanfaidh Údarás na Gaeltachta ar aghaidh ag obair go dlúth le Comhlucht Forbartha na nDéise agus leis an bpobal áitiúil de réir mar a bhogfaidh an tionscadal chun cinn go dtí an chéad chéim eile.