
Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta i gcomhar le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA), scoláireachtaí dírithe ar iarrthóirí Gaeltachta don chúrsa máistreachta i dTurasóireacht Inbhuanaithe agus Bainistíocht Imeachtaí (Leibhéal 9) a fhógairt. Is cúrsa páirt-aimseartha ar líne atá i gceist thar tréimhse dhá bhliain agus beidh táillí an chúrsa maoinithe ag Údarás na Gaeltachta tríd na scoláireachtaí seo. Tá trí scoláireacht á dtairiscint agus beidh an chúrsa ag tosú i Mí Meán Fómhair 2026 agus is é an 14 Lúnasa 2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
Caithfidh an t-iarratasóir cumas sa Ghaeilge ar leibhéal B1 (TEG) a léiriú nó a chomhionann. Mura bhfuil cumas Gaeilge ag leibhéal B1 (TEG) nó a chomhionann sroichte roimh ré ag an té a cheapfar, caithfidh an mic léinn deonú go gcuirfidh sé/sí lena gcuid scileanna sa Ghaeilge de réir plean forbartha foghlama a bheidh le haontú leis an té a cheapfar, bunaithe ar a hinniúlacht/inniúlacht teanga féin. Sa chás agus nach bhfuil Gaeilge líofa ag an duine a roghnófar agus iad ag cur tús le clár taighde, léireoidh sí/sé tiomantas don nGaeilge agus d’fhorbairt na Gaeltachta agus beidh sí/sé sásta tabhairt faoi chlár foghlama teanga le linn tréimhse na sparánachta.
Mar chuid den bpróiseas seo, tar éis a roghnaithe, déanfar tástáil cumais teanga neamhspleách ar an duine atá i gceist de réir chreatlach an Teastais Eorpaigh sa Ghaeilge, agus leagfar amach clár foghlama agus spriocanna inniúlachta teanga a bheidh le comhlíonadh ag an duine laistigh de thréimhse na sparánachta taighde.
Caithfidh ábhar an chláir taighde, na gnéithe suntasacha sin atá dírithe ar chúinsí turasóireacht inbhuanaithe, bainistiú imeachtaí agus taighde bheith dlúth ceangailte le forbairt chomhlánach na Gaeltachta freisin.
Ní mór d’iarrthóirí céim Bhaitsiléara Gnó Leibhéal 8 a bheith acu le grád H2.2 ar a laghad i ndisciplín na turasóireachta, imeachtaí, fáilteachais, gnó, margaíochta, nó disciplín gnó gaolmhar eile. Beidh ar iarrthóirí nach gcomhlíonann an caighdeán feidhmíochta H2.2 i ndámhachtain Leibhéal 8 iarratas a dhéanamh trí phróiseas Aitheantas Réamhfhoghlama (RPL) OTA.
Is féidir iarratas a dhéanamh ar an scoláireacht anseo