
Tá cáil ar leith ar Chontae Dhún na nGall mar lárionad bhréidín agus olna, agus tá an t-oidhreacht shaibhir sin le léamh sa leabhar nua Scéal na dTeicstílí i nGaeltacht Iardheisceart Dhún na nGall.
Fáisceadh tionscal bhréidín Dhún na nGall ó dhá fhréamh éagsúla ach fite fuaite ina chéile ó dheireadh na 1800idí. Tháinig an chéad cheann ó ghrósaeirí áitiúla a chas ar tháirgeadh bréidín mar bhealach chun lena ngnó a leathnú. Tháinig an dara ceann as gníomhaíocht phobail, le tacaíocht ó eagraíochtaí carthanachta agus ó bheartais rialtais. Le chéile, leag na forbairtí seo dúshraith faoi earnáil teicstíle bhríomhar san iardheisceart.
Tá an tionscal sin ag dul ó neart go neart inniu. Tá a rian le feiceáil ar fud an cheantair — maireann sé i muintir na háite, ina dtírdhreach uasal agus ina n-oidhreacht shaibhir. Thuill ceantracha in Ard an Rátha, i nGleann Cholm Cille agus i gCill Charthaigh cáil mhór ó thaobh olna agus bréidín.
Is é stair shuntasach na holna, an tsnátha agus an bhréidín le linn an chéid seo caite atá á hinsint á aithris sa leabhar nua seo.
"Tá lúcháir mhór orm go bhfuil scéal atá chomh tábhachtach sin dár gceantar Gaeltachta sábháilte againn i bhfoirm an leabhair seo. Ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a thabhairt d'achan duine a roinn chomh fial linn a gcuid scéalta agus grianghraf. Ní bheifí in ann an foilseachán seo a chur le chéile gan tacaíocht Údarás na Gaeltachta. Thar ceann Áislann Chill Charthaigh, tá muid fíorbhuíoch," a dúirt Muiris Ó hEigheartaigh, Áislann Chill Charthaigh.
"Is mór an onóir d'Údarás na Gaeltachta i gcomhar le hÁislann Chill Charthaigh, an leabhar seo a chur os comhair an phobail. Tá scéal na teicstíle fite fuaite le scéal na Gaeltachta agus le stair Ghaeltarra Éireann agus Údarás na Gaeltachta go deimhin. Is deas deis a fháil ceiliúradh a dhéanamh ar na glúnta a chaith a saol ag obair leis an olann, an snáth agus an bréidín, agus a choinnígh an traidisiún beo. Tá muid san Údarás iontach bródúil as an leabhar seo a thabhairt chun saoil, agus tá súil agam go mbeidh sé ina chuimhneachán buan ar shaibhreas oidhreacht ár gceantair," a dúirt Donnchadh Ó Baoill, Údarás na Gaeltachta.
Beidh Údarás na Gaeltachta, i gcomhar le hÁislann Chill Charthaigh, ag seoladh an leabhair ar an Aoine, 3ú Iúil, ag 7.30 i.n., in Áislann Chill Charthaigh. Tá fáilte roimh achan nduine.