Ceardlann an Spidéil ag Ceiliúradh 40 Bliain mar Chroílár Ceardaíochta agus Cultúir na Gaeltachta

19 Meitheamh, 2026

nóiméad léite

ag ócáid céiliúrtha 40 Bliain Andrea Rossi ealaíontóir Ceardlann an Spidéil, Rónán Mac Con Iomaire Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail & Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta, Eimear Killian ón Builín Blasta, Seán Seoighe Oifigeach Turasóireachta le Comhlacht Forbartha an Spidéil

 

Déanfaidh Ceardlann an Spidéil, ceann de na lárionaid ceardaíochta agus cruthaitheachta is buaine sa Ghaeltacht, comóradh ar 40 bliain i mbun gnó an deireadh seachtaine seo le sraith imeachtaí poiblí sa Spidéal. Aithníonn an comóradh stairiúil seo dhá scór bliain d’fhiontraíocht, teanga agus cultúr na Gaeltachta ó bhunaigh Údarás na Gaeltachta an Cheardlann in 1986.

Tá Ceardlann an Spidéil suite i gcroílár Ghaeltacht Chois Fharraige, agus tá sí fásta ina mol bríomhar d'ealaíontóirí. Feidhmíonn sí mar eiseamláir de na traidisiúin ceardaíochta agus teanga atá fréamhaithe sa cheantar. Tá comhlachtaí rathúla lonnaithe inti, cosúil leis an táirgeoir bia mór le rá Builín Blasta. Mealltar custaiméirí ó gach cearn den tír agus níos faide i gcéin.

Seolfar deireadh seachtaine an chomóraidh, oscailte don phobal, ar an Aoine an 19 Meitheamh ag Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiún, Pobail agus Pleanála Teanga le hÚdarás na Gaeltachta. I measc na n-imeachtaí thar an deireadh seachtaine beidh blaiseadh fíona, fíodóireacht fleisce, ceardlanna grianghrafadóireachta, priontáil t-léinte agus léirithe cúraim craicinn. Léiríonn clár an chéiliúrtha éagsúlacht na fiontraíochta atá le fáil sa Cheardlann.

Labhair Andrea Rossi, ealaíontóir lonnaithe sa gCeardlann, faoi thionchar buan na ceardlainne:

“Is iontach an áit í an Cheardlann do mhuintir na háite agus dúinne mar ealaíontóirí. Thug sé ardán dúinn ár ceirde a roinnt le margadh níos mó ná mar a bheadh rochtain againn ar gan í. Ó d’oscail mise an siopa tá mé tar éis casadh le ceardaithe iontacha agus pobal a chruthú ann.”

"Tá Ceardlann an Spidéil tar éis athmhúnlú a dhéanamh ar bhaile an Spidéil agus ar dheisceart Chonamara ó osclaíodh í in 1986," a deir Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiún, Pobail agus Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta. "Tá pobal de cheardaithe tugtha le chéile anois i nGaeltacht Chonamara nach mbeadh ann murach an Cheardlann, agus an pobal sin mar gheata fáilte isteach sa nGaeltacht do chuairteoirí agus do mhuintir na háite araon."

Beidh idir thionóntaí reatha agus iar-thionóntaí na ceardlainne, ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta, grúpaí pobail áitiúla agus muintir an Spidéil i láthair ag an na hócáidí céiliúrtha thar an deireadh seachtaine.