Údarás na Gaeltachta ag Tabhairt Tacaíochta €350,000 trí Scéim Nua chun Turasóireacht a Neartú

Scéim dírithe ar tháirgí turasóireachta ardchaighdeáin a fhorbairt, bunaithe ar theanga bheo agus chultúr saibhir na Gaeltachta.

25 Bealtaine, 2026

nóiméad léite

Tá ciste nua €350,000 fógartha ag Údarás na Gaeltachta chun borradh a chur faoin turasóireacht sa Ghaeltacht. Tá sé dírtithe ar FBManna, grúpaí pobal, comharchumainn agus eagraíochtaí neamhbhrabúis lonnaithe sa Ghaeltacht nó i limistéar pleanála teanga. Is féidir iarratas a dhéanamh anseo agus is é an spriocdáta ná 30 Meitheamh 2026.

Is í aidhm na scéime seo ná infheistíocht spriocdhírithe a dhéanamh ar tháirgí turasóireachta ardchaighdeáin, atá bunaithe ar theanga agus chultúr uathúil na Gaeltachta. Chomh maith leis an Ghaeilge a chur chun cinn, tabharfaidh an maoiniú seo tacaíocht don earnáil turasóireachta sa Ghaeltacht le fostaíocht bhuan a chur in áit.

De réir taighde ó Amárach Research, tá 42% den phobal in Éirinn ar mhaith leo dul ar saoire sa Ghaeltacht, rud a thaispeánann go bhfuil éileamh mór ann ar thurasóireacht teanga agus chultúir i gceantair Ghaeltachta.

Dúirt Meadbh Seoighe, Bainisteoir Forbartha Turasóireachta Údarás na Gaeltachta "Tá an pobal ag caint agus tá muid ag éisteacht. Ceathrar as gach deichniúr Éireannach ag iarraidh an Ghaeltacht a bhlaiseadh, an Ghaeilge a chloisteáil, an cultúr a mhothú. Ranganna cócaireachta as Gaeilge, turais chultúrtha, fáilte Ghaelach ó cheann ceann na Gaeltachta. Leis an scéim nua seo tá deis an turasóireacht sa nGaeltacht a neartú."

Creideann Údarás na Gaeltachta go bhfuil an Ghaeilge ina pointe díolacháin uathúil don Ghaeltacht. Cuirfear le tírdhreach teangeolaíoch na Gaeltachta trí úsáid fheiceálach agus inchloiste na teanga sna tograí incháilithe.

Móraidhm eile na scéime seo ná fostaíocht bhuan ar feadh na bliana a chruthú, ag laghdú spleáchais ar fhostaíocht shéasúrach san earnáil turasóireachta agus sa Ghaeltacht. Déanfar é seo trí thacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí agus eagrais pobail táirgí idir shéasúr a fhorbairt. Cuirfear béim ar nuálaíocht agus chomhoibriú chun an sprioc seo a bhaint amach. Táthar ag súil comhpháirtíochtaí a chruthú leis na sócmhainní turasóireachta atá ann sna limistéir pleanála teanga cheana féin, agus iad a nascadh leis na forbartha nua.

Clúdófar réimse leathan tograí turasóireachta; eispéiris chuairteoirí, bonneagar turasóireachta, margaíocht agus forbairt dhigiteach, tionscaimh turasóireachta pobail, oiliúint agus forbairt acmhainní.

Aithníonn Údarás na Gaeltachta an deis atá ann leis an earnáil turasóireachta sa Ghaeltacht a fhorbairt. Tabharfaidh na deontais seo tacaíocht d’fhiontair shóisialta pobail, údaráis áitiúla, fiontraithe agus gníomhaireachtaí eile Stáit chun taitneamhachtaí straitéiseacha agus cultúrtha a fhorbairt.

Beifear ag glacadh le hiarratais faoin scéim seo go dtí 30 Meitheamh 2026, ar bhonn piolótach

Déan Iarratas Anois : Scéim Phíolótach Tacaíochta Turasóireachta na Gaeltachta | Deontais | Cabhair a thugaimid | Gnó | Údarás na Gaeltachta