Mná na Mara: Ag Ceiliúradh Éachtaí, ag Cothú Nuálaíochta, agus ag Caomhnú Oidhreacht Mhuirí

14 Eanáir, 2025

nóiméad léite

Tá Údarás na Gaeltachta ag reáchtáil 'Mná na Mara' ar an 13ú Feabhra 2025 in Óstán Chósta Chonamara, Co. na Gaillimhe. 

CLÁR AN LAE | CONFERENCE AGENDA

Tiocfaidh príomhghuthanna earnáil mhuirí na hÉireann le chéile ag an ócáid seo chun ceiliúradh a dhéanamh ar rannchuidiú na mban leis an tionscal muirí, nascanna a chothú agus inspioráid a thabhairt don chéad ghlúin eile de cheannairí. 

Roinnfidh an príomhchainteoir, Marie Gleeson (Nav Mar Leadership), léargais óna gairm bheatha shuntasach a chuimsíonn seirbhís chabhlaigh, fuinneamh in-athnuaite, agus comhairleacht mhuirí. Díreoidh an fóram ar thrí sheisiún painéil dhinimiciúla: 

  • Ceannaireacht agus Forbairt Ghairme san Earnáil Mhuirí 
  • Oideachas agus Taighde: Ag Múnlú Todhchaí na dTionscal Muirí 
  • Pobail agus Cultúr Cois Cósta: Oidhreacht Mhuirí agus Nuálaíocht sa Ghaeltacht 

I measc na gcainteoirí mór le rá beidh Laura Brien (POF, MARA), Caroline Bocquel (POF, BIM), an Dr Orla Flynn (ATU), Evelyn O'Toole (CLS), agus pearsana eile ón tionscal, ón saol acadúil agus ó phobail chósta. Pléifear téamaí tábhachtacha lena n-áirítear bainistíocht inbhuanaithe aigéin, fiontraíocht gheilleagair ghoirm, agus comhtháthú eolais mhuirí thraidisiúnta le cleachtais nua-aimseartha. 

Sonraí na hÓcáide: 

  • Dáta: 13ú Feabhra 2025 
  • Am: 09:00 - 15:00 
  • Ionad: Óstán Chósta Chonamara, Gaillimh 

CLÁRAIGH ANSEO: Mná na Mara  https://bit.ly/3PwXjoX