Kombeara Teo

Seacht bpost nua le cruthú i gcomhlacht nua dí i nGaeltacht Chorcaí

9 Deireadh Fómhair, 2023

nóiméad léite

Ag an gcruinniú de bhord Údarás na Gaeltachta, a reáchtáladh in Ard-Oifig an Údaráis ar an Aoine, cheadaigh an bord tacaíocht don chomhlacht Kombeara Teoranta, a bhfuil suim acu gnó a lonnú ar Pháirc Ghnó Bhéal Atha an Ghaorthaidh i nGaeltacht Chorcaí.

Beidh dhá aonad ar an bPairc Ghnó a dtógáil ar cíos ag an gcomhlacht dá ngnó ag táirgeadh Kombucha crua, deoch Kombucha a bhfuil alcól ann. Tá súil go mbeidh seachtar fostaithe sa gcomhlacht nuair a bheas siad i mbun táirgiúlachta.

Dúirt bainisteoir réigiúnach an Deiscirt d’Údarás na Gaeltachta, Dónal Ó Liatháin:

“Is scéal an-dearfach é seo do Bhéal Átha an Ghaorthaidh; tá lúcháir orainn go bhfuil sé socraithe ag an gcomhlacht Kombeara Teo. lonnú i gceantar Gaeltachta. Tá luach os cionn €40 milliún ar mhargadh domhanda Kombucha crua agus bheadh an comhlacht ag díriú go mór mhór ar an margadh easpórtála. Tá moladh ar leith ag dul don choiste forbartha áitiúil as an obair atá ar bun acu, i dtaca leis an Údarás, le forbairt Bhéal Átha an Ghaorthaidh a chur chun cinn.”