Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge

Údarás na Gaeltachta ag cur fáilte roimh thoscaireacht ó Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge go gteic Ghaoth Dobhair, i gceartlár Ghaeltacht Thír Chonaill.

26 Aibreán, 2023

nóiméad léite

Cuireann Údarás na Gaeltacht fáilte roimh an deis bualadh le baill Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge agus iad ar cuairt ar Ghaeltacht Dhún na nGall an tseachtain seo. Le linn na cuairte, beidh toscaireacht an Chomhchoiste ag casadh le hOifigigh Pleanála Teanga na contae; beidh siad ag tabhairt cuairte freisin ar chuid de na comhlachtaí i nGaeltacht Dhún na nGall atá ina gcliaint ag an Údarás, chomh maith le bheith ag casadh le hóige na Gaeltachta ag Ard-Fheis na nÓg Chonradh na Gaeilge.

 

Dúirt príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin:

“Tá muid an-sásta go bhfuil baill den Chomhchoiste ag teacht go Gaeltacht Thír Chonaill agus go mbeidh siad ag fáil léargais ar ghnéithe de obair thábhachtach an Údaráis anseo. Tá muid an-bhróduil as an dea-thionchar atá ag na comhlachtaí a mbeidh an Comhchoiste ag tabhairt cuairt orthu – Randox Teo., ProAmpac agus Drioglann Chroithlí - ar chúrsaí eacnamúil agus fostaíochta i nGaeltacht Dhún na nGall. Tá muid sásta freisin go bhfuil tuiscint ag na cliantchomhlachtaí sin ar an tábhacht atá le cúrsaí teanga in obair fhorbartha an Údaráis, agus an dualgas atá ar chomhlachtaí Gaeltachta a bheith páirteach inár n-iarrachtaí an teanga a bhuanú agus a chur chun cinn.”

 

“Tá tábhacht ar leith atá leis an gcruinniú a bheas ag toscaireacht an Chomhchoiste leis na hOifigigh Pleanála Teanga. Tá obair luachmhar á dhéanamh ag na oifigigh ar fud na Gaeltachta, agus tá aitheantas tuilte acu as a ndíogras, ag cinntiú go bhfuil cur chun cinn na Gaeilge ag croí-lár shaol eacnamúil, sóisialta agus cultúrtha na Gaeltachta, i nDún na nGall agus ar fud na tíre. Tá an tÚdarás ag tabhairt lán-tacaíocht dóibh san obair sin.”