Maoiniú suntasach faighte ag Eirecomposites

Maoiniú suntasach faighte ag an gcomhlacht Eirecomposites i gCoill Rua,
Cois Fharraige as ciste nuálaíochta náisiúnta

21 Aibreán, 2023

nóiméad léite

Tá fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh an fhógra ón roinn Fiontair, Trádala agus Fostaíochta go mbeidh an comhlacht Eirecomposites atá lonnaithe i gCoill Rua, Indreabhán, i nGaeltacht Chonamara mar chuid de chomhfhiontar aeraspáis a bheas ag fáil maoiniú de €2.5 milliún le teicneolaíochta nuálach a fhorbairt,

Beidh Eirecomposites i gcomhpháirt le comhlacht eile, Plasmabound, agus le hOllscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath sa togra seo Ad Astra, a fuair maoiniú tríd an gCiste Nualaíochta do Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha,  ciste de chuid an rialtais agus Fiontar Éireann.

Beidh an maoiniú ag dul i treo an obair thaighde agus táirgiúlachta atá á dhéanamh ar mhodhanna nuálacha chomh ábhair comhdhéanta ag mhúnlú don tionscal aerospáis.

Beidh siad freisin páirteach i dtogra eile a bhfuil maoiniú €4.5milliún bronnta orthu, Freeform OPTIX, ag táirgeadh scátháin do thionscail ardtheicneolaíochta le trí pháirtnéir: an comhlacht Mbryonics, an Irish Manufacturing Research Centre agus Ollscoil na Gaillimhe.

 

Dúirt Dearbháil Ní Chualáin, Stiúrthóir Fiontair, Fostaíochta agus Maoine Údarás na Gaeltachta

“Is iontach an scéal é seo don chomhlacht Eirecomposites agus don Ghaeltacht. Tá an comhlacht cheana féin ag cur fostaíocht d’ardchaighdeán ar fáil i gCois Fharraige i gceantar Chonamara – is céim eile chun cinn i bhforbairt an chomhlachta atá sa bhfógra seo go bhfuil Eirecomposites lárnach i dhá thogra ardtheicneolaíochta a bhfuil an t-aitheantas seo faighte acu. Is eiseamláir atá sa gcomhlacht chomh maith don méid gur féidir le comhlachtaí Gaeltacht a bhaint amach sa réimse nuálaíochta agus teicneolaíochta. Tréaslaíonn muid a nuacht leis an bpríomhfheidhmeannach Tomás Ó Flanagáin agus a fhoireann.”