Ag Ceiliúradh Mná na Gaeltachta i mbun Gnó

Údarás na Gaeltachta agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh le ceiliúradh a dhéanamh ar mhná Gaeltachta i mbun gnó.

23 Márta, 2023

nóiméad léite

Ar an Aoine 31 Márta, beidh Údarás na Gaeltachta agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh ag déanamh ceiliúradh ar Mhná Gaeltachta i mBun Gnó, in Óstán Chois Fharraige sna Forbacha. Níos túisce an lá sin, ag ócáid phríobháideach, beidh 13 bean a roghnaíodh le páirt a ghlacadh sa gclár Cumasú (clár spreagtha á rith ag EMPOWER, atá in ihubs ATU) ag fáil deis a gcuid smaointe do ghnó túschéime a chur faoi bhráid painéal moltóirí.

 

Ag 12.45 i.n. reáchtálfar ócáid le ceiliúradh a dhéanamh ar mhná atá i mbun a gcuid gnólachtaí féin nó atá lonnaithe nó ag obair sa nGaeltacht, mar chuid d’ócáid ag déanamh ceiliúradh ar fhiontraíocht mná. Beidh Evelyn O’ Toole, bunaitheoir agus príomhfheidhmeannach an chomhlachta CLS ( & Fiontraí na Bliana EY2017), ar as an gClochán ó dhúchas di, ag caint le Noreen D’Arcy faoin gcaoi ar fhás sí a gnó féin agus an tacaíocht ata faighte aici go dtí seo.  Beidh Siobhán Ní Chofaigh, príomhfheidhmeannach agus bunaitheoir Mint-Tek, ag caint faoin haistear féin agus na deiseanna agus na dúshláin a casadh uirthi go dtí seo.

Beidh an tAire Stáit sa Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta, Dara Calleary, i measc na n-aíonna, agus clabhsúr á chur leis an gcéad chúrsa fiontraíochta sa nGaeltacht dírithe go sonrach ar fhiontraithe mná.

Is ar chuireadh amháin a bheifear ábalta freastal ar an ócáid seo agus dá bhrí sin, níor mhór d’éinne a bhfuil suim acu ann clárú ag www.eventbrite.ie/e/ag-ceiliuradh-cumasu-fiontraithe-mna-na-gaeltachta-tickets-539313771007