Os cionn €7.4m i dtacaíochtaí COVID-19 ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta chun tacú le comhlachtaí Gaeltachta

22 Nollaig, 2020

nóiméad léite

Tá os cionn €7.4m i dtacaíochtaí riachtanacha COVID-19 ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta go dtí seo chun tacú le comhlachtaí Gaeltachta atá fós ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin na paindéime.  Tá comhlachtaí lonnaithe i gceantair Ghaeltachta na tíre fós ag tabhairt aghaidh ar dhúshlán agus ag treabhadh rompu.

Tá os cionn 435 comhlacht Gaeltachta tar éis leas a bhaint as scéimeanna tacaíochta éagsúla COVID-19 Údarás na Gaeltachta go dtí seo lena chinntiú go bhfuil comhairle agus plean acu chun dul i ngleic le deacrachtaí, sreabhadh airgid a chinntiú agus cur lena gcumas margaí díolacháin domhanda ar líne a aimsiú.

Agus comhlachtaí ag teannadh leis an Nollaig, is léir go bhfuil athrú ó bhun tagtha ar an gcaoi a ndéanann daoine a ngnó agus chuir srianta agus dianghlasáil le linn na bliana ar ár súile, cé go raibh agus go bhfuil deacrachtaí móra romhainn, go bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh fanacht le bunphrionsabail maithe gnó maidir le pleanáil airgeadais agus feabhsúcháin ghnó. Tá comhlachtaí Gaeltachta atá ag dul i ngleic le deacrachtaí na paindéime ag fáil tacaíochta uaidh fheidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta go leanúnach.

Tacaíochtaí Cothaithe Gnó

Tá €6.4m de thacaíocht ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta i gcomhair le Fiontraíocht Éireann do chomhlachtaí lonnaithe sa nGaeltacht agus iad ag díriú ar bhuanú gnó, cúrsaí oiliúna, taighde agus cúrsaí pleanála airgeadais.

De bharr meamram comhthuisceana atá idir Údarás na Gaeltachta agus Fiontraíocht Éireann is féidir le comhlachtaí Gaeltachta a bhfuil deichniúr agus níos mó fostaithe iontu agus atá ag easpórtáil táirgí agus seirbhísí a theacht i dtír ar scéimeanna tacaíochta Fhiontraíocht Éireann mar atá amhlaidh do ghnóthaí ar fud na tíre.

Tá tacaíocht shuntasach ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta le roinnt míonna anuas do ghnóthaí Gaeltachta trí réimse tacaíochtaí agus scéimeanna éagsúla:

  • Faoin gCiste Cothaithe Fiontair tá €4.53mi dtacaíochtaí ceadaithe do chomhlachtaí sa nGaeltacht maidir le buanú gnó le linn na géarchéime.
  • Ceadaíodh €1.44mchun tacú le comhlachtaí le cúrsaí taighde agus forbartha agus nuálaíocht a fhiosrú.
  • Tá €0.43mceadaithe do chomhlachtaí chun tacú le pleanáil don ghnó maidir le cúrsaí gnó barainneach, airgeadais agus cúrsaí oiliúna & traenála foirne.

Tacaíochtaí COVID-19 Údarás na Gaeltachta

Tá tacaíocht d’ os cionn €1m i gcúnamh airgid curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta do 413 gnó Gaeltachta le cúpla mí anuas tríd na scéimeanna tacaíochta COVID-19, an Scéim Trádála Ar Líne agus Dearbhán Leanúnachais Ghnó COVID-19.

Cistí de chuid Údarás na Gaeltachta (€525,000), An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (€75,000) agus An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide & Comhshaoil (€400,000) a chuir maoiniú ar fáil don dá scéim seo.

 

I nGaeltachtaí na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus na Mí:

  • Ceadaíodh €504,737do 207 gnó,
  • 118iarratas ceadaithe faoin Scéim Trádála Ar Líne,
  • 89 Dearbhán Leanúnachais Ghnó ceadaithe.

Comhlachtaí sna hearnálacha Turasóireachta, Seirbhísí agus Bia agus Deoch is mó ar ceadaíodh tacaíocht dóibh.

 

I nGaeltacht Dhún na nGall:

  • Ceadaíodh €266,163do 113 gnó,
  • 74iarratas ceadaithe faoin Scéim Trádála Ar Líne,
  • 39 Dearbhán Leanúnachais Ghnó ceadaithe.

Comhlachtaí sna hearnálacha Seirbhísí, Bia agus Deoch, Turasóireachta agus Déantúsaíochta is mó ar ceadaíodh tacaíocht dóibh.

 

I nGaeltachtaí Chiarraí, Chorcaí agus Phort Láirge:

  • Ceadaíodh €231,074do 93 gnó,
  • 71iarratas ceadaithe faoin Scéim Trádála Ar Líne,
  • 22 Dearbhán Leanúnachais Ghnó ceadaithe,

Comhlachtaí sna hearnálacha Turasóireachta, Bia agus Deoch agus Déantúsaíochta is mó ar ceadaíodh tacaíocht dóibh.

Tá na tacaíochtaí seo mar chuid de phacáiste tacaíochtaí a bhí mar chuid d’fhreagra comhtháite an Rialtais chun iarracht teacht as an ngéarchéim seo nach raibh súil ar bith leis ach a mbeidh tionchar aige ar chomhlachtaí agus ar phobail go ceann i bhfad.

 

Tá gach eolas maidir le tacaíochtaí COVID-19 Údarás na Gaeltachta le fáil anseo:

https://udaras.ie/coroinvireas-covid-19/

Tá gach eolas maidir le tacaíochtaí Breatimeachta Údarás na Gaeltachta le fáil anseo:

https://udaras.ie/gno/cabhair-a-thugaimid/an-breatimeacht/