Coróinvíreas – COVID-19

Tacaíocht Údarás na Gaeltachta i leith Ghéarchéim COVID-19

Tá comhlachtaí faoi bhrú ollmhór de bharr ghéarchéime COVID-19, le caillteanas post i gceist agus éiginnteacht maidir le céard atá amach rompu.

Tá Údarás na Gaeltachta i dteagmháil dhíreach le gnólachtaí Gaeltachta chun tacú leo agus lena gcuid foirne i rith na tréimhse seo.  Ag obair as lámh a chéile le Ranna Rialtais, Gníomhaireachtaí agus Comhghleacaithe Stáit eile ar chur chuige comhtháite Stáit i leith COVID-19, tá an tÚdarás tiomanta a chinntiú go bhfuil ár gcliaint agus fochuideachtaí faoi réir agus ar an eolas maidir leis an gcomhairle is déanaí agus tacaíochtaí atá ar fáil.

An chomhairle is mó atá á chur ar fáil dár ngeallshealbhóirí ar fad ná monatóireacht leanúnach agus ghéarchúiseach a dhéanamh ar an treoir atá á eisiúint ag na hÚdaráis Sláinte Poiblí go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta chomh maith le Ranna Rialtais ábhartha. Is féidir an chomhairle suas chun dáta maidir le COVID-19 a fháil ag na naisc seo leanas:

 

Ag Dul ar ais i mbun Gnó – Athoscailt na Tíre

Chun tacú le gnólachtaí Gaeltachta athoscailt sna seachtainí amach romhainn tá seimineár, acmhainní ar líne agus réiteach ó thaobh foirgneamh á gcur ar fáil ar bhonn leanúnach. Tá athstruchtúrú déanta ag go leor gnólachtaí Gaeltachta maidir le scileanna agus na próisis atá acu chun dul i ngleic le paindéim COVID-19.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo maidir leis an bprótacal um fhilleadh chun na hoibre:

https://dbei.gov.ie/en/Publications/Publication-files/Return-to-Work-Safely-Protocol.pdf

Tacaíochtaí atá ar Fáil:

Cuireann an tÚdarás comhairle ar fáil dá chuid cliaint maidir le pleanáil teagmhais – pleanáil airgeadais agus straitéis aisghabhála. Tá gnólachtaí Gaeltachta á spreagadh le leas a bhaint as scéimeanna tacaíochta COVID-19 atá ar fáil tríd Údarás na Gaeltachta mar atá leagtha amach thíos.

Oibríonn Údarás na Gaeltachta go dlúth le Fiontraíocht Éireann (FÉ) chun cinntiú go bhfuil gach scéim tacaíochta atá ar fáil tríd FÉ ar fáil do chliantchomhlachtaí an Údaráis. Déantar é seo ar bhonn díreach nó más gá trí chomhpháirtíocht le FÉ.

Seo a leanas na tacaíochtaí atá ar fáil do chomhlachtaí incháilithe chun cabhrú leo dul i ngleic leis na fadhbanna gnó ag eascairt as COVID-19:

Deontas Pleanála Airgeadais Gnó COVID-19

Is tacaíocht atá sa Deontas Pleanála Airgeadais Gnó COVID-19 do chliaint Údarás na Gaeltachta a bhfuil 10 nó níos mó fostaithe go lánaimseartha acu.  Tá sé dírithe ar chomhlachtaí seirbhísí trádála idirnáisiúnta nó déantúsaíochta agus tá sé á sholáthar i gcomhar le Fiontraíocht Éireann. Cabhróidh an deontas seo le gnóthaí chun plean airgeadais láidir a fhorbairt, lena n-áirítear ullmhú cáipéisí a theastaíonn mar chúltaca d’iarratais sheachtracha ar na bainc agus/nó soláthróirí airgeadais eile.  Is fiú suas go €5,000 an Deontas Pleanála Airgeadais Gnó COVID-19 agus cuirfidh sé ar chumas comhlachtaí teacht ar thacaíocht sheachtrach ó chomhairleoirí airgeadais ceadaithe chun plean airgeadais a ullmhú chun an comhlacht a chosaint sa ngearr go meánthréimhse.

Cuirfidh an plean airgeadais ar chumas an ghnó:

  • Tuiscint a fháil ar cheisteanna leachtachta; cinneadh a dhéanamh ar an mbealach chun costais a laghdú agus foinsí leachtachta a mhéadú,
  • Cinntiú go bhfuil creatlach i bhfeidhm ag an gcomhlacht chun cúrsaí airgeadais a bhainistiú,
  • Plean airgeadais a chur le chéile chun a chinntiú go mbeidh an comhlacht in ann teacht ar mhaoiniú seachtrach a bheidh ag teastáil sna míonna amach romhainn.

Ciste Cothaithe Fiontair – (Tosú Ardacmhainne)

Faoin gCiste Cothaithe Fiontair tá Tosaithe Ardacmhainne (TA) in ann cur isteach ar chomhinfheistíocht de €50,000 in aghaidh an ghnóthais i bhfoirm gnáthscaireanna nó ionstraim fiachais. Tá an ciste oscailte do chomhlachtaí ina bhfuil infheistíocht chothromais ag an staid síl den TA déanta ag Údarás na Gaeltachta cheana féin, a léirigh dul chun tráchtála roimh géarchéime COVID-19 agus atá in ann a thaispeáint go bhfuil géarghá le maoiniú breise. Tá an ciste seo ar fáil do ghnólachtaí TA Gaeltachta agus á chur i bhfeidhm i gcomhar le Fiontraíocht Éireann.

Ciste Cothaithe Fiontair – Fiontair Bheaga 

Is é aidhm an chiste seo ná cothú na seirbhísí déantúsaíochta agus na seirbhísí a thrádáiltear go hidirnáisiúnta atá incháilithe, is é sin seirbhísí ina bhfuil titim de 15% nó níos mó sa láimhdeachas nó brabús, fíor nó réamhmheasta, agus a dteastaíonn rochtain uathu ar leachtacht chun an gnólacht a choinneáil ag imeacht. Cuirfidh an ciste seo €25,000 go €50,000 ar fáil mar instealladh caipiteal oibre gearrthéarmach do chomhlachtaí beaga incháilithe chun tacú le leanúnachas gnó agus le cur le hábaltacht an chomhlachta filleadh ar fhás agus a bheith ag trádáil go láidir i gceann trí bliana.

Is iad aidhmeanna an chiste ná tacaíocht airgeadais a chur ar fáil (in aghaidh costais sonraithe agus sreabhadh airgid) do chomhlachtaí incháilithe ar feadh tréimhse trí mhí chun tacú le leanúnachas gnó agus gnó a chothú le go mbeidh gnólachtaí in ann filleadh chuig inmharthanacht agus cuidiú le téarnamh an gheilleagair Éireannaigh.

Ciste Cothaithe Fiontair 

Tá an Ciste €180m Cothaithe Fiontair dírithe go sonrach ar gach comhlacht le 10+ fostaí a bhfuil tionchar ag COVID-19 ach atá fós inmharthana mar ghnó. Tá an ciste ar fáil do chliaint incháilithe Údarás na Gaeltachta agus beidh sé á fheidhmiú i gcomhar le Fiontraíocht Éireann. Cuirfear réamh-íocaíochtaí, gur gá a aisíoc, suas go €800,000, mar a aontaíodh leis an AE faoi rialacha nua Chúnamh Stáit, ar fáil, chomh maith le hiasachtaí giaráilte ó mhargaí airgeadais, agus beidh €500m d’infheistíocht bhreise ar fáil do chomhlachtaí atá inmharthana ach leochaileacha. Ní bheidh na deontais seo ach le haisíoc má agus nuair atá an gnó i mbarr a shláinte ó thaobh airgeadais arís.

Dearbhán Leanúnachais Ghnó Barainneach

Tá an Dearbhán Leanúnachais Ghnó Barainneach ar fáil do chomhlachtaí (10+ fostaithe) incháilithe (lena n-áirítear comhlachtaí Tosú Ardacmhainne) chun teacht ar suas le €2,500 do sheirbhísí tacaíochta oiliúna nó comhairleacha maidir le feidhmiú leanúnach a gcuid gnóthaí le linn na paindéime reatha. Is féidir leis an tseirbhís a bheith i bhfoirm comhairle bainistíochta nó i bhfoirm oiliúna don bhainistíocht nó do bhaill foirne an chomhlachta nó meascán den dá rud.

Is féidir le comhlachtaí teacht ar thacaíocht ó liosta de sholáthraithe seirbhísí ceadaithe.  Bíonn béim ag an tseirbhís ar oibríochtaí an chomhlachta ó thaobh:

  • Dul i ngleic leis an ngéarchéim más ábhartha,
  • Cothú oibríochtaí ar nós atheagrú ar phróiseas (Barainneach, srl.),
  • Pleanáil do sheasmhacht tar éis na géarchéime.

Tá an Dearbhán Leanúnachais Ghnó Barrainneach oscailte do chliantchomhlachtaí (Tosú Ardacmhainne san áireamh) beaga, meánmhéide nó móra de chuid Údarás na Gaeltachta agus é curtha ar fáil i gcomhar le Fiontraíocht Éireann.

Scéim Ráthaíochta Creidmheasa  

Tugann an Scéim Ráthaíochta Creidmheasa tacaíochtaí iasachta suas go €1 milliún do thréimhsí suas go 7 mbliana. Tá Údarás na Gaeltachta ag cur comhairle ar chomhlachtaí maidir le hiarratais a dhéanamh chuig AIB, Banc na hÉireann agus Banc Uladh.

Iasachtaí Microfinance Ireland COVID-19

Is féidir le micreafhiontair teacht ar iasachtaí COVID-19 suas go €50,000 ó MicroFinance Ireland. Tá rogha maidir le moratóir ar ús agus aisíocaíochtaí don chéad sé mhí san áireamh le hiasacht nua COVID-19. Tá iasachtaí ar fáil ag rátaí úis idir 4.5% agus 5.5%. Is féidir le cliaint de chuid Údarás na Gaeltachta chomh maith le gnólachtaí Gaeltachta eile iarratais a dhéanamh díreach le microfinanceireland.ie tar éis dul i gcomhairle le feidhmeannach forbartha de chuid Údarás na Gaeltachta.

Scéim Miondíola Ar Líne COVID-19

Tá an scéim nua miondíola ar líne COVID-19 oiriúnach do mhiondíoltóirí atá ag fostú os cionn deichniúr. Is é aidhm na scéime ná tacú le comhlachtaí in earnáil dúchasach na miondíoltóirí le láithreacht ar líne chun dul i ngleic leis an éileamh ó chustaiméirí baile agus idirnáisiúnta ó thaobh tairiscintí iomaíocha ar líne. Tabharfar maoiniú dóibh siúd a n-éiríonn lena n-iarratas chun tacú le huasmhéid de 80% de chostais an togra. Tabharfar deontais de luach ó €10,000 go €40,000 faoin scéim iomaíoch seo. Tá Údarás na Gaeltachta ag cur comhairle ar fáil di agus ag tacú le comhlachtaí Gaeltachta chun iarratais a réiteach don scéim atá á reáchtáil ag Fiontraíocht Éireann.

Scéim Trádála Ar Líne Údarás na Gaeltachta 2021

Tá an Scéim Trádála Ar Líne á sholáthar chun líon na ngnóthaí Gaeltachta ag trádáil ar líne a mhéadú agus méadú a dhéanamh ar dhíolacháin ghnóthaí Gaeltachta ar líne. Tá tacaíocht luachmhar tugtha ag an scéim seo do ghnóthaí móra agus beaga le blianta anuas agus go háirithe le linn paindéim COVID-19 chun cur lena gcumas margaí nua a aimsiú agus líon níos mó seirbhísí agus táirgí a dhíol ‘ar-líne’ agus, mar thoradh air seo, tacú le buanú agus forbairt na bunsraithe fostaíochta i rith an tréimhse seo.

Faoin Scéim Trádála Ar Líne íoctar uasmhéid deontais suas le €2,500, nó 50% de chaiteachas incháilithe, gan CBL san áireamh, cibé acu is lú, le gnóthaí incháilithe chun a gcumas trádála ‘ar líne’ a fhorbairt agus a threisiú.

TUILLEADH EOLAIS

Dearbhán Leanúnachais Ghnó Údarás na Gaeltachta – DÚNTA D’IARRATAIS NUA (5PM, 21/05/2020)

Is fiú suas go €2,500 an Dearbhán Leanúnachais Ghnó agus is féidir le comhlachtaí agus trádálaithe aonair, ina bhfuil suas go 50 duine fostaithe, é a úsáid i leith costas comhairleoireachta tríú páirtí chun straitéis ghearrthéarmach agus fhadtéarmach a fhorbairt chun dul i ngleic le pandéim COVID-19.  Is í an inmharthanacht an phríomhaidhm atá ag formhór na ngnólachtaí beaga i láthair na huaire agus dá bhrí sin tá sé ríthábhachtach go ndéantar na cinntí cearta. Dóibh siúd a éiríonn leo dearbhán a bhaint amach bíonn rochtain acu ar chomhairle maidir le plean teagmhais chun tacú leo coinneáil ag trádáil tríd na géarchéime agus réiteach don céim téarnaimh.  Cuidíonn an dearbhán chomh maith le gnólachtaí cás gnó a réiteach chun cur isteach ar idirghabhálacha airgeadais éigeandála tríd na bainc. Tacaíonn an dearbhán le réimse earnálacha difriúla, ag brath ar riachtanais gach gnó, ach bíonn beartais shuntasacha san áireamh cosúil le réiteach cás gnó d’iarratais ar mhaoiniú éigeandála, forbairt plean leanúnachais gnó, laghdú costas athraitheach, athbhreithniú agus iniúchadh ar roghanna airgeadais slabhra soláthair, cur i bhfeidhm próisis agus nós imeachta maidir le cianoibriú agus rochtain a fháil ar shaineolas Acmhainní Daonna agus saineolas Theicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide.

COVID-19 Gníomhaigh ar Thionscalíocht

Beidh tacaíocht ar fáil do chliantchomhlachtaí a dhéanann easpórtáil agus a bhfuil tionchar ag an víreas ar a ngnó. Soláthraíonn an tionscnamh 2 lá comhairleoireachta comhlachta gan aon chostas breise chun tacú le comhlachtaí a láidreachtaí a threisiú i dtrí réimse gnó: Bainistíocht Airgeadais, Foinsiú Straitéiseach agus Iompar agus Lóistíocht.

Scéim Mheantóireachta

Cuireann an Scéim Mheantóireachta tacaíocht ar fáil trí mheantóir gnó a chuideoidh le gnólachtaí sa chéim tosaithe gnó nó a thabharfaidh comhairle faoi réimsí sonracha den plean gnó a cheapadh– rud atá ríthábhachtach i láthair na huaire.   Bíonn oifigigh Údarás na Gaeltachta i dteagmháil dhíreach le gach cliant chun tacaíocht a chur ar fáil, chun iad a chur ar an eolas faoi na tacaíochtaí is fearr atá ar fáil dóibh agus chun cúnamh a thabhairt dóibh maidir lena n-iarratas.

Déan Teagmháil Linn

Moltar do ghnólachtaí Gaeltachta teagmháil dhíreach a dhéanamh le hÚdarás na Gaeltachta ar an bhfón nó trí ríomhphost chun gur féidir a dtograí a phlé le Feidhmeannach Forbartha chun a chinntiú go bhfuil an pacáiste tacaíochta cuí roghnaithe.

Leanfaidh scéimeanna tacaíochta COVID-19 go deireadh 2020 mar a chéile leis na scéimeanna náisiúnta eile ar fad. Tá réimse dá chuid scéimeanna féin ag Údarás na Gaeltachta chun tacú le comhlachtaí forbairt a dhéanamh sa todhchaí (Infheistíocht Chaipitil, Margaíocht, Nuálaíocht agus Iomaíochas).

 

Chun Iarratas a dhéanamh nó comhairle a fháil:

Tá oifigigh de chuid an Údaráis ar fáil am ar bith chun an bealach is fearr le tacaíocht a thabhairt do do chomhlacht a phlé leat, déan teagmháil linn le do thoil.

 

Seol rphost chuig:

eolas@udaras.ie

 

Cuir glaoch orainn:

Ardoifig, Gaillimh: 091-503100
Oifig Réigiúnach Dhún na nGall: 074-9560100
Oifig Réigiúnach Mhaigh Eo: 097-81418
Oifig Réigiúnach Chiarraí: 066-9150100
Oifig Réigiúnach Chorcaí: 026-45366

 

Léigh fúinn ag:

www.udaras.ie

 

Faigh an scéal is déanaí:

Facebook
Instagram
Twitter
Linkedin