Fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh an bhfógra go bhfuil €1 milliún breise ar fáil dó in 2016

17 Nollaig, 2015

nóiméad léite

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an ráiteas atá déanta ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe Mc Hugh, T.D. tráthnóna go bhfuil soláthar caipitil €1 milliún sa bhreis á chur ar fáil don Údarás dá bhuiséad in 2016. Ciallaíonn seo go mbeidh soláthar caipitil €6.687 milliún ar fáil don Údarás in 2016 le tabhairt faoina chlár forbartha, fiontraíochta agus fostaíochta.

Dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach an Údaráis, “Cuireann an soláthar breise maoinithe seo ar chumas an Údaráis an clár forbartha, fiontraíochta agus fostaíochta atá aige a mhéadú. Tá an phíblíne maidir le fiosrúcháin gnó nua láidir faoi láthair agus tacóidh an t-ardú sa soláthar caipitil seo leis na tograí sin a thabhairt chun aibíochta. Tá muid fíor bhuíoch den Aire Stáit Joe McHugh, T.D. as an méid atá déanta aige le soláthar breise a aimsiú don Údarás in aeráid atá dúshlánach ó thaobh maoinithe de.”