Déanann an tÚdarás comhghairdeas le hEaragail Éisc Teo atá tar éis ‘Easpórtálaí Bia Mara na Bliana 2012′ a bhuachan

3 Nollaig, 2012

nóiméad léite

Rinne Príomhfheidhmeananach Údarás na Gaeltachta, Steve Ó Cúláin comhghairdeas le bainistíocht agus foireann Earagail Éisc Teo a bhfuil gradam ‘Easpórtálaí Bia Mara na Bliana 2012′ bainte amach acu. Is cliantchomhlacht de chuid an Údaráis é Earagail Éisc Teo. atá lonnaithe i Mín an Aoire, Co. Dhún na nGall. Bronnadh an gradam ar an chomhlacht ag ócáid bhronnta Gradaim Thionscal Easpórtála na hÉireann i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine. Tá 190 duine fostaithe sa ghnó faoi láthair.

“Tugann an gradam seo sár-aitheantas d’Earagail Éisc Teo as ucht an dul chun cinn suntasach atá á dhéanamh ag an chomhlacht i bhforbairt agus fás margaí easpórtálacha in aeráid eacnamaíochta atá thar a bheith dúshlánach”, a dúirt an Príomhfheidhmeannach. “ Tá an comhlacht ag easpórtáil 100% dá tháirgí go tíortha ar fud na hEorpa agus an Áise faoi láthair. Is aitheantas atá sa ghradam seo ar an fhorbairt agus an dul chun cinn atá déanta ag Earagail Éisc lena ghnó easpórtála agus an tionchar iontach dearfach aige ar eacnamaíocht na tíre seo agus an ceantar ina bhfuil sé lonnaithe. Leanfaidh an tÚdarás air ag tacú le bainistíocht Earagail Éisc Teo ina gcuid oibre rathúla i bhforbairt agus fás an ghnó seo sna blianta atá amach romhainn.”

Eagraíonn Cumann Easpórtálaithe na hÉireann (Irish Exporters Association), Gradaim Thionscal Easpórtála na hÉireann le haitheantas a thabhairt do chomhlachtaí atá ag feidhmiú agus ag cur le tionscal easpórtála na hÉireann ar fiú €171 billiún don tír le bliain anuas.