Comhlacht Closamhairc Ghaeltachta tar éis Maoiniú Forbartha a fháil ón Aontas Eorpach

2 Deireadh Fómhair, 2012

nóiméad léite

Déanann Údarás na Gaeltachta comhghairdeas leis an gcomhlacht Gaeltachta, Magamedia, atá tar éis maoiniú a fháil le forbairt a dhéanamh ar thograí nua scannáin agus teilifíse. Tá Magamedia, atá lonnaithe sna Forbacha, Co. na Gaillimhe, ar cheann de thrí chomhlacht Éireannach a fuair maoiniú forbartha ó Chlár MEDIA na hEorpa le déanaí.

Bronnadh €45,000 ar an gcomhlacht don fhadscannán ‘Olagón’ – atá á fhorbairt faoi láthair ag an scríbhneoir Darach Mac an Iomaire agus an léiritheoir Paddy Hayes, an fhoireann céanna a léirigh an sraith teilifíse TG4 Corp + Anam.

Is clár tacaíochta Eorpach don tionscal closamhairc é Clár MEDIA na hEorpa 2007-2013. Ó thosaigh an clár MEDIA i mí Eanáir 2007 tá €362,731 bronnta ag MEDIA ar na comhlachtaí closamhairc Gaeltachta, Telegael (An Spidéal), Nemeton (An Rinn), Léirithe le Mac Dara Ó Curraidhín, (An Spidéal), Soilsiú Teo. (Gort a’ Choirce) agus Magamedia, (Na Forbacha).