Infheistíocht €8.65m á dhéanamh i gcomhlachtaí Gaeltachta a chruthóidh 53 post nua

29 Bealtaine, 2012

nóiméad léite

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an infheistíocht san earnáil bia mara atá fógartha

€8.65m den infheistíocht á dhéanamh i gcomhlachtaí Gaeltachta ina gcruthófar 53 post nua

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an fhógairt a rinne an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Simon Coveney, T.D., Dé hAoine seo caite nuair a d’fhógair sé infheistíocht faoi Scéim Infheistíochta Próiseála Bia Mara ina ndéanfar infheistíocht de €15.3m a chruthóidh 142 post nua roimh 2015.

Tá lúcháir orainn a dheimhniú go mbeidh €8.65m den infheistíocht seo á dhéanamh i gcomhlachtaí Gaeltachta atá san earnáil próiseála bia mara agus go mbeidh 53 post nua á gcruthú sa Ghaeltacht dá bharr idir seo agus 2015.

Tá an scéim seo á chur i bhfeidhm ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar le Bord Iascaigh Mhara.