CTL Tástáil Teo le tráchtálú a dhéanamh ar thástáil táirgí ilchodach san Áis

13 Meán Fómhair, 2010

nóiméad léite

Tá CTL Tástáil Teo, atá lonnaithe in Indreabhán, Conamara, Co. na Gaillimhe tar éis comhaontú a dhéanamh le Composites Technology Research Malaysia Sdn Bhd (CTRM) as an Mhalaeisia le dul i mbun gnó tástála táirgí ilchodach san Áis.

Leis an gcomhaontú seo, tá comhlacht nua, Composites Testing Laboratory Asia Sdn Bhd (CTLA) bunaithe chun dul i mbun tráchtála ar thástáil na dtáirgí ilchodach. Beidh an comhlacht nua ag feidhmiú ó láthair atá ag CTRM in Batu Berendam, Melaka.

De réir Datuk Rosdi Mahmud, Príomhfheidhmeannach CTRM, cuirfidh CTLA seirbhísí tástála tapa, solúbtha, iomaíoch ó thaobh costas agus ar ardchaighdeán ar fáil dá chliaint. Tá sé riachtanach don chomhlacht go mbeidh sé ábalta costas iomaíoch a thairiscint i gcomparáid le saotharlanna tástála eile san Eoraip agus san Áis.

Dúirt sé go bhfuil fás ag teacht ar mhargadh tástála na dtáirgí ilchodach sa réigiún seo. Tá sé sin ag tarlú mar go bhfuil déantúsóirí aerárthaí ar nós Airbus, Boeing agus fiú Bombardier ag ligean poist déantúsaíochta na dtáirgí ilchodach ar chonradh sa réigiún seo. Tá sé mar sprioc ag an gcomhlacht thart ar RM30 milliún a bheith tugtha isteach thar 5 bhliana.

Dúirt Stiúrthóir Bainistíochta CTL, Mike Naylor, “go gcuirfidh an comhpháirtíocht idir CTL agus CTRM ar chumas an chomhlachta nua, CTLA seirbhís tástála ar tháirgí ilchodach a bheadh go hiomlán creidiúnaithe a chur ar fáil do mhargadh na hÁise, ar n-áireofaí cáiliú na n-ábhair, giniúint sonraí dearadh incheadaithe agus amach anseo tástáil eiliminte agus struchtúr iomlán.

Thosaigh an comhlacht nua ag feidhmiú ar 2 Meán Fómhair, 2010 tar éis dó an caighdeán cáilíochta ISO 17025 a bhaint amach.