Athlonnú Oifig Ghlór na nGael go Rath Cairn

1 Bealtaine, 2007

nóiméad léite

Ag labhairt dó in Rath Cairn inniu, tráth ar fhógair an tAire Éamon Ó Cuív T.D. cinneadh Ghlór na nGael a gceanncheathrú a athlonnú ó Bhaile Átha Cliath go Rath Cairn, dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach an Údaráis, go raibh todhchaí Rath Cairn mar phobal Gaeltachta ag brath cuid mhór ar thionscnaimh mar seo seachas ar aon infheistíocht sheachtrach.

“Tacaíonn an tÚdarás go hiomlán le straitéis fhorbartha Chomharchumann Rath Cairn”, a dúirt sé, “ mar díríonn sé sin ar sheirbhísí teangabhunaithe, ar aonad ollscolaíochta trí Ghaeilge agus ar sheirbhísí pobail a bheidh á riaradh ag an gComharchumann féin.”

D’fhógair an Príomhfheidhmeannach go raibh pleananna á réiteach ag an Údarás le leathnúchán substaintiúil a dhéanamh ar an Ionad Fiontair i Rath Cairn in oiriúint d’athlonnú Ghlór na nGael agus tionscnaimh eile dá shórt sin.