Ráiteas i Leith na Gaeilge 2006

19 Nollaig, 2006

nóiméad léite

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh Ráiteas i Leith na Gaeilge 2006 a d’fhógair an Rialtas inné. I dtuairim an Údaráis tá tábhacht thar an gcoitiantacht ag baint leis an ráiteas físe seo sa mhéid go bhfuil faomhadh an Rialtais aige agus go bhfuil soláthar €300,000 ceadaithe chun an plean gníomhaíochta a chur le chéile.

Tá an tÚdarás ag súil le páirt ghníomhach a ghlacadh in ullmhú an phlean straitéise i gcomhar le Fóram na Gaeilge.