Tá Údarás na Gaeltachta ag reáchtáil comórtais “Gradaim na Gaeltachta” do thograí pobalbhunaithe chun aird an phobail a tharraingt ar an obair mhór atá á déanamh ag eagraíochtaí forbartha pobail sa nGaeltacht agus le haitheantas a thabhairt do na tograí fiúntacha agus suimiúla atá á gcur chun cinn ar fud na Gaeltachta.
Is éard is eagraíocht forbartha pobail ann ná eagraíocht atá gníomhaíoch i réimsí forbartha pobail sa nGaeltacht, más trí struchtúr maoinithe a bhfuil fostaí lánaimseartha i gceist (i.e. leithéidí comharchumainn, comhlachtaí forbartha pobail, ceanneagraíochtaí pleanála teanga) nó trí struchtúr deonach (i.e. coistí deonacha nó cumainn pobail).
An Comórtas
Tá an Comórtas roinnte ina dhá chuid mar atá:
Cuid A – Is féidir le haon eagraíocht forbartha pobalbhunaithe Gaeltachta, bíodh sí:
iarratas / iarratais a dhéanamh ar na gradaim i gCuid A den fhoirm
Cuid B – Is comórtas ar leith é Cuid B atá dírithe ar choistí deonacha amháin – i.e. coistí nach bhfuil maoiniú leanúnach stáit acu (agus nach bhfuil bainisteoir / oifigeach forbartha fostaithe acu).
Tá cúig catagóir de ghradaim faoi Cuid A:
Maidir le Cuid A, déanfar gearrliosta a ullmhú le ar a laghad togra amháin ainmnithe ó chaon réigiún (Connacht/Laighean, Dún na nGall, Mumhan) agus ar a mhéid trí thogra ó chaon réigiún. Beidh teastas dhá bhronnadh ar chuile ainmniúchán réigiúnach, agus bronnfar trófaí agus duais de €3,500 ar an mbuaiteoir i chaon chatagóir, agus €1,500 ar an dara háit.
Maidir le Cuid B, roghnófar buaiteoir amháin ó chaon réigiúin (Mumhan, Gaillimh, Maigh Eo/An Mhí, Dún na nGall), agus roghnófar an buaiteoir náisiúnta astú sin. Bronnfar trófaí agus duais de €500 ar chaon bhuaiteoir réigiúnach, agus trófaí agus €3,500 ar an mór-bhuaiteoir.
Is catagóir amháin atá i Cuid B:
Is é an 22 Meán Fómhar 2023 an sprioc-dáta d’iarratais. Ní ghlacfar le hiarratais ach tríd an fhoirm iarratais ar líne anseo –