Tá Údarás na Gaeltachta ag reáchtáil comórtais “Gradaim na Gaeltachta” do thograí pobalbhunaithe chun aird an phobail a tharraingt ar an obair mhór atá á déanamh ag eagraíochtaí forbartha pobail sa nGaeltacht agus le haitheantas a thabhairt do na tograí fiúntacha agus suimiúla atá á gcur chun cinn ar fud na Gaeltachta.
Is éard is eagraíocht forbartha pobail ann ná eagraíocht atá gníomhach i réimsí forbartha pobail sa nGaeltacht, más trí struchtúr maoinithe a bhfuil fostaí lánaimseartha i gceist (i.e. leithéidí comharchumainn, comhlachtaí forbartha pobail, ceanneagraíochtaí pleanála teanga) nó trí struchtúr deonach (i.e. coistí deonacha nó cumainn pobail).
An Comórtas
Tá an Comórtas roinnte ina dhá chuid mar atá:
Is féidir le haon eagraíocht forbartha pobalbhunaithe Gaeltachta iarrata(i)s a dhéanamh ar na gradaim i gCuid A den fhoirm, bíodh sí:
Tá sé chatagóir de ghradaim faoi Cuid A:
Is comórtas ar leith é Cuid B atá dírithe ar choistí/grúpaí deonacha amháin, i.e. coistí/grúpaí nach bhfuil maoiniú leanúnach stáit acu agus nach bhfuil bainisteoir / oifigeach forbartha fostaithe acu.
Chomh maith le duais réigiúnach don chéad áit agus don dara háit, bronnfar mór-ghradam speisialta i mbliana, Gradam Phádraig Uí Aoláin, ainmnithe i gcuimhne ar iar-Phríomhfheidhmeannach an Údaráis, a bhí ceannródaíoch ina chur chuige agus a thiomántas i leith na hearnála forbartha pobail. Tabharfaidh an gradam seo, a mbeidh trófaí buan á bhronnadh ar choiste/grúpa deonach, aitheantas ar an dea-obair atá ar bun acu sa phobal.
Is catagóir amháin atá i Cuid B:
Mar a luaitear thuas, beidh mór-ghradam speisialta nua, Gradam Phádraig Uí Aoláin á bhronnadh i mbliana ar cheann de na coistí/grúpaí deonacha mar aitheantas ar an sárobair atá ar bun acu chun a bpobal a chur chun cinn.
Próiseas Roghnúchain
Maidir le Cuid A, déanfar gearrliosta a ullmhú le ar a laghad togra amháin ainmnithe ó chaon réigiún (Connacht/Laighean, Dún na nGall, Mumhan) agus ar a mhéid trí thogra ó chaon réigiún. Beidh teastas dhá bhronnadh ar chuile ainmniúchán réigiúnach, agus bronnfar plaic agus duais de €3,500 ar an mbuaiteoir i chaon chatagóir, agus €1,500 ar an dara háit.
Maidir le Cuid B, roghnófar buaiteoir amháin ó chaon réigiún (Mumhan, Gaillimh/Maigh Eo/An Mhí, Dún na nGall), agus roghnófar an buaiteoir náisiúnta astu sin. Bronnfar plaic agus duais de €1,000 ar chaon bhuaiteoir réigiúnach, €500 don choiste/grúpa a bhaineann an dara háit amach do chaon réigiún, agus bronnfar Gradam Phádraig Uí Aoláin, an trófaí buan, agus €3,500 ar an mór-bhuaiteoir.
Má theastaíonn aon eolas breise, seol ríomhphost chuig gradaim@udaras.ie
Is é an Aoine 25ú Iúil 2025 an spriocdháta d’iarratais. Ní ghlacfar le hiarratais ach tríd na foirmeacha iarratais ar líne anseo –
Foirm Cuid A – Eagraíochtaí Stát-mhaoinithe agus Eagraíochtaí Deonacha
Foirm Cuid B – Coistí & Eagraíochtaí Deonacha
.